Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Salm 147
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
An Bíobla Naofa
Salm 147:1-20

Sailm

Amhrán Molta agus Buíochais do Dhia as ucht Atógáil Iarúsailéim

147 Alleluia.

Molaigí an Tiarna toisc gur maith é;

canaigí Salm dár nDia toisc gur grámhar é;

is dósan is dual ár moladh.

2 Tá an Tiarna ag atógáil Iarúsailéim;

tá sé ag bailiú díbeartaigh Iosrael le chéile.

3 Leigheasann sé lucht an chroí bhriste;

agus déanann a gcréachtaí a cheangal.

4 Socraíonn sé líon na réaltaí;

ainmníonn sé ina gceann is ina gceann iad.

5 Is mór é ár nDia agus is mór é a neart;

níl teorainn ar bith lena eagna.

6 Ardaíonn an Tiarna na daoine ísle;

agus leagann sé ar lár na hurchóidigh.

7 Canaigí don Tiarna le buíochas;

seinnigí moladh ar an gcruit dár nDia,

8 an té a chlúdaíonn na spéartha le néalta;

agus a thugann an fhearthainn don talamh.

Cuireann sé an féar ag fás ar na sléibhte;

agus luibheanna chun fónamh don duine.

9 Tugann sé a gcuid do na beithígh;

agus beathaíonn gearrcaigh na bhfiach nuair a ghlaonn siad air.

10 Ní hé neart an eich is aoibhinn leis;

ná ní hiad cosa an duine is taitneamhach leis.

11 Tugann an Tiarna taitneamh do lucht a eaglaithe;

don dream ar muinín leo a thrócaire.

12 Tabhair moladh don Tiarna, a Iarúsailéim;

tabhair moladh do do Dhia, a Shíón.

13 Óir dhaingnigh sé sparraí do dhoirse;

agus bheannaigh sé do chlann atá istigh ionat.

14 Rinne sé síocháin i do chríocha;

agus tugann do sháith de phlúr na cruithneachta duit.

15 Cuireann sé a aithne ag triall ar an talamh;

agus gluaiseann a bhriathar go lántapaidh.

16 Scaipeann sé sneachta amhail olann;

croitheann sé cuisne amhail luaithreach.

17 Leathann sé a leac oighir ina blúirí;

cé a fhéadann a fhuacht a fhulaingt?

18 Cuireann sé a bhriathar uaidh á leá;

agus a ghaoth a choscairt an tsneachta.

19 D’fhoilsigh sé a bhriathar do Iacób;

a reachtanna agus a fhoraitheanta d’Iosrael.

20 Ní dhearna sé amhlaidh d’aon chine eile;

níor nocht sé a reachtanna dóibh.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn