Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Uimhreacha 23
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
  • 21
  • 22
  • 23
  • 24
  • 25
  • 26
  • 27
  • 28
  • 29
  • 30
An Bíobla Naofa
Uimhreacha 23:1-30

Uimhreacha

23 Dúirt Balám le Bálác: “Tóg seacht n-altóirí anseo dom agus tabhair anseo chugam seacht dtarbh agus seacht reithe.” 2 Rinne Bálác mar a d’iarr Balám agus d’ofráil Bálác agus Balám tarbh agus reithe ar gach altóir. 3 Dúirt Balám ansin le Bálác: “Seas láimh le d’íobairt uileloiscthe. Rachaidh mé ar aghaidh; b’fhéidir go gceadóidh an Tiarna dom teagmháil leis. Cibé rud a nochtfaidh sé dom, inseoidh mé duit.” Ar aghaidh leis go barr maolchnoic.

4 Tháinig Dia i gcoinne Bhalám agus dúirt Balám leis: “Dheasaigh mé na seacht n-altóirí agus d’ofráil mé tarbh agus reithe ar gach altóir díobh ina n-íobairt loiscthe.” 5 Chuir an Tiarna ansin focal ina bhéal agus dúirt leis: “Ar ais leat go Bálác agus sin é a déarfaidh tú leis.” 6 Chuaigh Balám ar ais chuige agus b’shiúd é ansiúd é ina sheasamh ag a íobairt uileloiscthe agus taoisigh Mhóáb go léir ina thimpeall. 7 Ansin reac sé a laoi agus dúirt:

“Thug Bálác leis mé ó Arám,

rí Mhóáb ó shléibhte an oirthir.

‘Tar agus cuir mallacht ar Iacób dom,

agus déan aoir ar Iosrael.’

8 Conas is féidir dom mallacht a chur ar an té nár chuir Dia mallacht air?

Conas is féidir dom aoir a dhéanamh ar an té nach ndearna Dia aoir air?

9 Feicim é ó bharr na sléibhte,

agus ó mhaoileann na gcnoc a fhairim é:

Pobal ag maireachtáil leo féin,

nach n-áiríonn iad féin ar na ciníocha.

10 Cé d’fhéadfadh luaithreach Iacóib a ríomh?

Cé d’fhéadfadh deannach shlua Iosrael a áireamh?

Gurbh é bás an fhíréin mo bhás-sa!

Gurbh í a gcríoch siúd mo chríochsa.”

11 Dúirt Bálác le Balám: “Cad é seo a rinne tú orm? Thug mé liom thú chun mallacht a chur ar mo naimhde, agus seo tú gan ar siúl agat ach ag cur beannachtaí orthu!” 12 D’fhreagair Balám: “Nach bhfuil sé de cheangal orm féachaint chuige a gcuireann an Tiarna i mo bhéal a labhairt?” 13 Dúirt Bálác leis: “Tar liom go láthair eile óna bhféadfaidh tú iad a fheiceáil. Níl radharc agat ón áit seo ach ar imeall an tslua seo, níl radharc agat orthu go léir. Cuir mallacht orthu ón áit sin thall.” 14 Thug sé leis é go Gort na Spiairí i dtreo mhullach Phisceá. Thóg sé seacht n-altóirí ansiúd agus d’ofráil sé tarbh agus reithe ar gach altóir. 15 Duirt Balám le Bálác: “Seas taobh le d’íobairt uileloiscthe; buailfear liomsa anseo thall.” 16 Tháinig Dia i gcoinne Bhalám agus chuir focal ina bhéal agus dúirt leis: “Ar ais leat go Bálác agus sin é a déarfaidh tú leis.” 17 Chuaigh Balám ar ais chuige agus b’shiúd é ansiúd é ina sheasamh ag a íobairt uileloiscthe agus taoisigh Mhóáb go léir ina thimpeall. Chuir Bálác ceist air: “Cad dúirt an Tiarna?” 18 Ansin reac Balám a laoi agus dúirt:

“Éirigh, a Bhálác, agus éist!

Tabhair cluas dom, a mhic Zipeor.

19 Ní duine é Dia go n-inseodh sé bréag,

ná ní mac le hÁdhamh é go dtiocfadh ar mhalairt aigne.

An dual dó ‘sea’ a rá, gan an beart a dhéanamh,

a bhriathar a thabhairt, ach gan é a chomhlíonadh?

20 Seo mise le hordú orm beannacht a thabhairt;

beannacht a thabharfaidh [mé] agus ní dhéanfaidh mé a chur ar ceal.

21 Ní fhaca mé urchóid in Iacób.

Níor luigh mé súil ar chruatan in Iosrael.

Tá an Tiarna a nDia faru,

22 Tugann Dia as an Éigipt amach iad;

is cuma dóibh é nó adharca cama dhamh díleann.

23 Níl briocht in Iacób;

ná tuar asarlaíochta in Iosrael.

Fág go ndeir daoine le Iacób,

agus go ndeir siad le hIosrael: ‘Cén t-iontas a rinne Dia?’

24 seo pobal, amhail banleon ag éirí,

ar tinneall mar leon ar tí léim,

agus nach luíonn go n-alpann a chreach,

agus go slogann fuil ar mharaigh sé.”

25 Dúirt Bálác le Balám: “Ná cuir mallacht orthu, más sea, ach ná cuir beannacht ach chomh beag.” 26 D’fhreagair Balám Bálác: “Ná dúirt mé leat, cibé rud a deir an Tiarna, go gcaithfidh mé rud a dhéanamh air?” 27 “Téanam más ea,” arsa Bálác le Balám, “béarfaidh mé go láthair eile thú. B’fhéidir gur toil le Dia iad a mhallú ón áit sin.” 28 Rug Bálác Balám go barr Pheór atá go hard os cionn an fhásaigh. 29 Ansin dúirt Balám le Bálác: “Tóg seacht n-altóirí anseo dom, agus tabhair anseo chugam seacht dtarbh agus seacht reithe.” 30 Rinne Bálác mar a d’iarr Balám agus d’ofráil tarbh agus reithe ar gach altóir.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn