Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Iób 16
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
  • 21
  • 22
An Bíobla Naofa
Iób 16:1-22

Iób

16 Ansin d’fhreagair Iób agus dúirt:

2 Nach minic a chuala mé a leithéid sin go léir cheana!

Nach ainnis an lucht sóláis sibh!

3 An mbeidh deireadh le bladhgar briathar?

Nó cad a ghoill ort gur fhreagair tú mé?

4 D’fhéadfainnse freisin labhairt mar thusa,

Dá mbeadh d’anamsa in áit m’anamasa.

An ndéanfainn thú a chiapadh le focail?

Nó mo cheann a chroitheadh ort?

5 Thabharfainn misneach duit le briathra mo bhéil

Agus ní dhiúltóinn sólás mo bheola.

6 Dá labhróinn ní bheadh laincis ar mo dhoilíos;

Dá scorfainn ní fhágfadh sé mé.

7 Anois ghoin mo chara cumainn mé

Agus ciapann mo chuideachta go léir mé.

8 D’éirigh sé mar fhinné i mo choinne,

Mar chúlghearrthóir, ag tabhairt fianaise i m’aghaidh.

9 Mhill a fhearg é, agus tugann sé fogha fúmsa;

Tá a fhiacla á ndrannadh aige i m’aghaidh

Agus tá mo naimhde ag stánadh orm.

10 Tá a mbéal ar leathadh acu i mo choinne

Agus bhuail siad mé sa leiceann go fonóideach;

Tá rith an rása leo i m’aghaidh.

11 Tá Dia do mo thabhairt suas don urchóideach,

Agus do mo chaitheamh i lámha na gcoirpeach.

12 Bhí mé ar mo shuaimhneas nó gur bhris sé ó chéile mé.

Rug sé ar mhuineál orm agus rinne smionagar díom.

Rinne sé a sprioc díom.

13 Agus tá a urchair á gcaitheamh ar gach taobh díom.

Goineann sé mé sna leasracha, gan trua gan taise;

Tá mo dhomlas á dhoirteadh aige ar an talamh.

14 Briseann sé mé mant ar mhant,

Agus tugann ruathar fúm mar a dhéanfadh laoch.

15 D’fhuaigh mé éadach róin ar mo chraiceann

Agus sádh mo cheann sa lathach.

16 Tá mo cheannaithe craorag le neart goil,

Agus tá gruaim mar ualach ar fhabhraí mo shúl.

17 Cé nach bhfuil an lámh láidir ag roinnt liom,

Agus gur íon í mo phaidir.

18 Ná clúdaigh m’fhuil, a chré,

Agus ná bíodh áit suaimhnis ag m’olagón.

19 Anois féin, féach, tá m’fhinné ar neamh,

Agus tá mo chosantóir ansiúd thuas.

20 Sé mo ghlao chun Dé is abhcóide agam;

Ritheann na deora ó mo shúile ina láthair.

21 Déanann sé cás duine a thagairt i láthair Dé

Mar a dhéanfadh mac an duine ar son a chomharsan.

22 Óir tá blianta mo shaoil arna n-áireamh,

Agus is gearr go ndéanfaidh mé imeacht gan teacht.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn