Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Salm 36
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
An Bíobla Naofa
Salm 36:1-12

Sailm

Trócaire an Tiarna

Do stiúrthóir an chóir. [Salm le] Dáiví, giolla an Tiarna.

36 [36:2] Labhraíonn an urchóid leis an bpeacach

i ndiamhair a chroí.

Ní choimeádann sé eagla Dé

os comhair a shúl.

2 [36:3] Cuireann sé ina luí ar a aigne

nach eol do dhaoine

an choir atá déanta aige

agus nach fuath leo í.

3 [36:4] Tá urchóid agus cealg ina bhéal

níl ciall aige don mhaith.

4 [36:5] Meabhraíonn sé mioscais agus mallaitheacht

ina luí ar a leaba dó.

Gabhann sé i slí nach maith

agus ní shéanann sé an t-olc.

5 [36:6] Sroicheann do bhuanghrá na flaithis, a Thiarna,

agus do dhílse na néalta.

Tá d’fhíréantacht mar shléibhte Dé:

6 [36:7] do bhreithiúnas mar an duibheagán.

Tugann tú dídean don duine is don bheithíoch.

7 [36:8] A Thiarna, nach luachmhar é do bhuanghrá!

Agus tagann an Ádhamhchlann ag triall ort

go ngabhann faoi scáth do sciathán.

8 [36:9] Líontar le méitheas do thí iad

tugann tú deoch dóibh as abhainn d’aoibhneas,

9 [36:10] óir is leatsa atá foinse na beatha;

agus i do sholas-sa a fheicimid an solas.

10 [36:11] Bíodh grá agat de shíor do lucht d’adhartha,

agus cothromas do lucht an chroí dhírigh.

11 [36:12a] Ná gabhadh an díomasach de chosa orm:

ná caitheadh lámh an drochdhuine amach mé.

12 [36:12b] Féach mar a leagadh lucht déanta na hurchóide;

tá siad ar lár agus ní fhéadann éirí.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn