Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Iósua 23
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
An Bíobla Naofa
Iósua 23:1-16

Iósua

23 I bhfad ina dhiaidh sin, nuair a bhí suaimhneas tugtha ag an Tiarna d’Iosrael ó chiapadh a naimhde go léir ina dtimpeall, agus Iósua féin ina sheanduine anonn go maith sna blianta, 2 chuir Iósua tionól ar Iosrael go léir, ar a seanóirí, a dtaoisigh, a mbreithiúna agus a bhfeidhmeannaigh, agus dúirt sé leo: “Seanduine mise anois, anonn go maith sna blianta. 3 Chonaic sibhse féin le bhur súile cinn na nithe sin go léir a rinne an Tiarna ár nDia leis na ciníocha seo go léir. An Tiarna bhur nDia a throid ar bhur son. 4 Dháil mé oraibh, mar oidhreacht do bhur dtreibheanna, na ciníocha atá fós gan cloí chomh maith leo sin go léir a scrios mé idir an Iordáin agus an Fharraige Mhór thiar. 5 Déanfaidh an Tiarna bhur nDia iad a thiomáint amach romhaibh, agus iad a dhíbirt ó bhur láthair, agus gheobhaidh sibh seilbh ar an talamh mar a gheall an Tiarna bhur nDia daoibh. 6 Seasaigí an fód dá bhrí sin agus déanaigí agus comhlíonaigí a bhfuil scríofa i leabhar dlí Mhaois, gan claonadh ar dheis uaidh, ná ar chlé, 7 ná caidreamh a dhéanamh leis na ciníocha atá fágtha fós in bhur measc, ná ainmneacha a ndéithe a lua, ná mionnú dar iad, ná fónamh dóibh, ná sléachtadh rompu. 8 Ach bígí dílis don Tiarna bhur nDia mar a bhí sibh go dtí an lá seo féin. 9 Óir dhíbir an Tiarna ciníocha móra tréana romhaibh agus níorbh fhéidir d’aon duine an fód a sheasamh in bhur n-aghaidhse go dtí inniu féin. 10 Cuireann duine agaibh an teitheadh ar mhíle, mar is é an Tiarna bhur nDia a throideann ar bhur son, faoi mar gheall sé daoibh. 11 Déanaigí deimhin de, más ansa libh bhur n-anam, grá a thabhairt don Tiarna bhur nDia. 12 Má bhíonn sibh mídhílis agus caidreamh a dhéanamh le fuíoll na gciníocha a fágadh anseo in bhur measc, agus cleamhnais a dhéanamh leo i dtreo go bpósfaidh sibh a gcuid ban agus go bpósfaidh siadsan bhur gcuidse, 13 bíodh a fhios agaibh go dearfa nach leanfaidh an Tiarna bhur nDia air ag díbirt na gciníocha seo romhaibh; beidh siad mar ghaiste agus mar shlogaide agaibh, mar sciúirse ar bhur maotháin agus mar dhealg in bhur súile go dté sibh ar ceal ón tír fhónta seo a thug an Tiarna daoibh.

14 “Ní foláir domsa anois bealach na cré go léir a ghabháil. Déanadh gach mac máthar díbh a admháil ó chroí agus ó anam, nár theip ar oiread agus gealltanas de na gealltanais go léir a thug an Tiarna bhur nDia in bhur dtaobh; comhlíonadh iad go léir, gan ceann a theip. 15 Ach má comhlíonadh daoibh gach gealltanas fónta a thug an Tiarna bhur nDia daoibh, comhlíonfaidh an Tiarna chomh maith gach urchóid atá á bagairt aige oraibh, go fiú sibh a scrios as an tír fhónta a thug an Tiarna bhur nDia daoibh. 16 Má bhriseann sibh an conradh a d’éiligh an Tiarna bhur nDia oraibh, agus dul agus fónamh do dhéithe eile agus sléachtadh dóibh, ansin déanfar fearg an Tiarna a adhaint in bhur gcoinne, agus scriosfar sibh go tapa de dhroim na tíre fónta a thug sé daoibh.”

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn