Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Salm 105
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
  • 21
  • 22
  • 23
  • 24
  • 25
  • 26
  • 27
  • 28
  • 29
  • 30
  • 31
  • 32
  • 33
  • 34
  • 35
  • 36
  • 37
  • 38
  • 39
  • 40
  • 41
  • 42
  • 43
  • 44
  • 45
An Bíobla Naofa
Salm 105:1-45

Sailm

Dílseacht Dé dá Ghealltanais

105 Altaígí don Tiarna, glaoigí ar a ainm;

foilsígí a ghníomhartha do na náisiúin.

2 Bígí ag canadh dó, déanaigí a mholadh;

insígí a éachtaí go léir.

3 Déanaigí mórtas as a ainm óir is naofa é;

gairdigí, a lucht iarrtha, an Tiarna.

4 Breathnaígí an Tiarna agus a chumhacht;

lorgaígí a ghnúis de shíor.

5 Cuimhnigí ar na héachtaí a rinne sé;

ar a mhíorúiltí agus ar bhreitheanna a bhéil.

6 A shliocht Abrahám, a lucht fónaimh féin!

a chlann Iacóib dá ndearna sé rogha!

7 Is é an Tiarna féin ár nDia

a bhfuil a bhreitheanna i réim ar fud na cruinne.

8 Cuimhníonn sé ar a chonradh go brách,

ar a ghealltanas go dtí míle glúin,

9 an conradh a cheangail sé le hAbrahám,

an mionn a mhionnaigh sé do Íosác.

10 Dhaingnigh sé ina reacht é do Iacób,

ina chonradh d’Iosrael go brách,

11 á rá leis: “Tabharfaidh mé Canán duit,

chun bheith mar oidhreacht agat féin.”

12 An uair ba thearc a líon,

glac bheag díobh, ina gcoimhthígh sa tír,

13 ag imeacht ó chine go cine dóibh,

is iad ag fánaíocht ó ríocht go ríocht.

14 Níor lig sé d’aon neach cos ar bolg a dhéanamh orthu;

ach rinne bagairt ar ríthe ar a son.

15 “Ná leomhadh sibh baint le m’ungthaigh;

ná déanaigí dochar do m’fháithe.”

16 Nuair a ghlaoigh sé gorta ar an tír sin,

agus gur mhill sé an t-arán ar fad orthu,

17 is amhlaidh a bhí fear curtha rompu aige,

mar a bhí, Iósaef, a díoladh i ndaorbhroid.

18 Ceanglaíodh a chosa le cuibhreacha;

crioslaíodh a mhuineál le hiarann,

19 go dtí gur comhlíonadh a fháistine;

is gur dhearbhaigh briathar an Tiarna é.

20 Chuir an rí dá fhios agus d’fhuascail é;

rinne taoiseach na gciníocha é a shaoradh.

21 Cheap sé ina thiarna ar a theaghlach é,

ina mhaor ar a mhaoin go léir,

22 d’fhonn a mhaithe a mhúineadh mar ba mhian leis,

agus saoithe a dhéanamh dá sheanóirí.

23 Tháinig Iosrael isteach san Éigipt dá éis sin;

agus bhain Iacób faoi i dtír Hám.

24 Mhéadaigh sé a phobal go mór,

go ndearna ní ba láidre ná a naimhde iad.

25 D’athraigh sé a gcroí siúd ionas gurbh fhuath leo a phobal,

agus gur bhaineadar mealladh as a sheirbhísigh.

26 Chuir sé Maois, a sheirbhíseach, ag triall orthu,

agus Árón, an duine a roghnaigh sé.

27 D’oibrigh siad a chomharthaí ina measc,

agus a iontais i bhfearann Hám.

28 Chuir sé an dorchacht chucu agus dhorchaigh sé,

ach níor thug siad aird ar a bhriathar.

29 Rinne sé fuil dá n-uiscí

i dtreo is gur mharaigh sé a n-iasc.

30 Bhí a dtír ag brúchtaíl le froganna,

fiú amháin i seomraí a ríthe.

31 Labhair sé agus tháinig saithe de chuileoga,

agus de mhíolta ar fud na tíre.

32 Chuir sé cloichshneachta chucu in áit fearthainne;

agus tine chraosach trína gcríocha go léir.

33 Bhuail sé a bhfíniúna is a gcrainn fígí;

agus threascair sé crainn uile a gcríocha.

34 Labhair sé agus tháinig na lócaistí,

agus dreoiliní teaspaigh gan áireamh.

35 Shlog siad a raibh de luibheanna sa tír,

agus d’ith siad toradh a dtalaimh.

36 Bhuail sé gach céadghin ina bhfearann,

céadtoradh a nirt go léir.

37 Sheol sé amach iad le hór is le hairgead,

gan lagrachán ar bith ina dtreibheanna.

38 Bhí áthas ar na hÉigiptigh nuair a d’imigh siad

óir bhí uamhan agus eagla orthu rompu.

39 Leath sé néal ina dtimpeall á gclúdach,

agus tine a thug solas dóibh san oíche.

40 Chuir sé gearra goirt chucu ar a n-iarratas;

agus líon sé le bia ó neamh iad.

41 Scoilt sé an charraig gur bhrúcht an t-uisce ina shlaoda;

agus scaird sé ina abhainn tríd an bhfásach.

42 Óir ba chuimhin leis a bhriathar naofa

a thug sé d’Abrahám, a ghiolla.

43 Agus sheol sé a phobal amach le gairdeas;

agus a mhuintir thofa le gártha áthais.

44 Agus thug sé dóibh críocha na gciníocha;

agus ghabh siad a raibh saothraithe ag na náisiúin,

45 i dtreo go gcoimeádaidís a reachtanna;

agus go gcomhlíonaidís a dhlíthe. Alleluia.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn