Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Iób 34
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
  • 21
  • 22
  • 23
  • 24
  • 25
  • 26
  • 27
  • 28
  • 29
  • 30
  • 31
  • 32
  • 33
  • 34
  • 35
  • 36
  • 37
An Bíobla Naofa
Iób 34:1-37

Iób

34 Lean Eilíhiú air lena aitheasc agus dúirt:

2 Éistigí lena bhfuil le rá agam, a shaoithe,

Agus tugaigí cluas dom, a lucht an eolais.

3 Óir déanann an chluas briathra a phromhadh,

Mar a dhéanann an carball bia a bhlas.

4 Faighimis amach dúinn féin cá bhfuil an ceart;

Agus deimhnímis eadrainn féin céard is cóir.

5 Dúirt Iób: “Táimse fíréanta,

Ach dhiúltaigh Dia mo cheart dom.

6 Tá breitheamh mo chúise i bhfaltanas liom,

Is tinn é mo chréacht cé nach ndearna mé coir.”

7 An bhfuil a lán de leithéid Iób ann,

A shlogann an sciolladh mar uisce?

8 Agus a dhéanann caidreamh le lucht déanta an oilc

Agus a shiúlann le hurchóidigh?

9 Mar nár dhúirt sé: “Saothar in aisce é

Do dhuine a bheith ag iarraidh Dia a shásamh.”

10 Éistigí dá bhrí sin liomsa, a lucht na heagna;

Is fada ó Dhia an choirpeacht

Agus an éagóir ón Uilechumhachtach.

11 Déanann sé cúiteamh leis an duine de réir a oibreacha,

Agus de réir bearta a shaoil a thugann sé luach saothair dó.

12 Is léir nach ndéanfaidh Dia éagóir,

Agus ní chlaonann an tUilechumhachtach an bhreith;

13 Cé chuir an chruinne faoina chúram

Agus an saol mór ina iontaoibh?

14 Dá dtarraingeodh sé a spiorad ar ais chuige féin,

Agus a anáil a bhailiú chuige féin,

15 Gheobhadh gach feoil bás,

Agus d’fhillfeadh an duine ar an gcré.

16 Má tá aon tuiscint ionat, éist leis seo,

Agus tabhair cluas dá bhfuil á rá agam:

17 An mbeidh duine gur fuath leis an ceart i gceannas?

An ndéanfaidh tú breitheamh na dtréan a dhaoradh?

18 An té a thabharfadh “suarachán” ar a rí,

Agus “coirpeach” ar thaoiseach,

19 Agus nach mbeadh lé aige le flatha,

Ná le saibhre thar na boicht,

Mar gur óna láimh féin iad uile.

20 Faigheann siad bás i bprapadh na súl;

Dá thábhachtaí iad, éagann siad i lár na hoíche,

Ní [aon nath leis] tíoránach a chur ar an éadreoir;

21 Óir tá súil aige ar iompar an duine,

Agus faireann gach coiscéim dá ngabhann.

22 Níl dorchadas ná scáil bháis ann,

Ina bhféadfadh lucht an oilc dul i bhfolach.

23 Óir ní dhearna sé coinne d’aon duine

Le dul i láthair Dé i mbreithiúnas.

24 Bascann sé cumhacht lucht an nirt gan fiosrú ina dtaobh,

Agus cuireann dream eile ina n-áit.

25 Tá fios a mbeart aige,

Agus treascrann sé faon ar lár iad san oíche.

26 Buaileann sé iad de bharr a gcoirpeachta,

Agus [déanann cimí díobh] os comhair an tsaoil.

27 “D’iompaíodar óna sheirbhís,” a deir tú,

“Agus níor thóg siad ceann dá bhealaí go léir,

28 I dtreo go dtáinig glao an duine bhoicht chun [Dé]

Agus gur chuala sé glór an deibhleáin.

29 D’fhan sé socair gan aon duine a dhaoradh;

Nuair a cheileann sé a aghaidh, cé ar féidir dó é a fheiceáil?”

Ach bíonn trócaire aige ar náisiún agus ar dhaoine,

30 Agus saorann sé fiú an t-aindiaga ó ghreim na hainnise.

31 Má deir duine le Dia:

“Mealladh mé, ní le hurchóid a rinne mé beart.

32 Má pheacaigh mé, cuir in iúl dom é!

Má bhí mé éagórach, ní bheidh mé amhlaidh arís.”

33 —Sa chás sin ar chóir dó, dar leat, é a phionósú,

Ós rud é go ndiúltaíonn tú dá bhreitheanna?

Ón uair nach agamsa ach agatsa atá an rogha le déanamh,

Abair céard atá ar eolas agat.

34 An mhuintir thuisceanach go léir,

Agus na saoithe i measc mo lucht éisteachta, déarfaidh siad liom:

35 “Briathra gan ghaois a labhraíonn Iób,

Agus níl aon tuiscint ina chuid cainte.”

36 Ach déanfar Iób a phromhadh go ceann scríbe,

Mar go bhfreagraíonn sé mar a dhéanfadh urchóidigh.

37 Óir cuireann sé ceannairc mar bhreis lena pheaca,

Ag [caitheamh amhrais faoin gcoir inár measc]

Agus ag tabhairt masla ar mhasla do Dhia.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn