Sailm
Ollmhaitheas Dé agus Diomaíochas Iosrael
106 Alleluia.
Tugaigí buíochas don Tiarna toisc gur maith é;
toisc go maireann a bhuanghrá go brách.
2 Cé ar féidir leis éachtaí an Tiarna a fhógairt?
cé a chraolfaidh a mholtaí go léir?
3 Is méanar don dream a choinníonn an ceart,
agus a chloíonn leis an bhfíréantacht de shíor.
4 Bí ag cuimhneamh orm, a Thiarna, bí go maith dom,
as ucht do ghrá do do phobal.
Tar chugam, a Thiarna, le do chúnamh;
5 go bhfeice mé séan na ndaoine atá tofa agat,
go ndéana mé gairdeas faoi áthas do phobail;
is go ndéana mé mórtas mar aon le d’oidhreacht.
6 Pheacaíomar ar nós ar sinsir;
rinneamar an t-olc agus an t-éigeart.
7 Níor thug ár n-aithreacha san Éigipt
aon aird ar bith ar d’éachtaí.
Rinne siad dearmad ar lánmhaire do bhuanghrá;
thugadar a slán faoin Neach is Airde ag an Muir Rua.
8 Ach tharrthaigh sé iad as ucht a ainm,
d’fhonn is go ndéanfadh sé a chumhacht a nochtadh.
9 Thug sé casaoid don Mhuir Rua agus thiormaigh sí;
agus sheol sé trí na tonnta mar trí fhásach iad.
10 Shaor sé ó láimh lucht a bhfuatha iad;
agus scaoil sé iad as greim a naimhde.
11 D’fholaigh an tuile a gcéilí comhraic;
níor fágadh oiread is aon fhear amháin acu.
12 Ansin is ea a chreid siad a bhriathra;
gur ghabh siad ag canadh a mholtaí.
13 Ach ba ghearr go ndearna siad dearmad ar a éachtaí;
agus níorbh áil leo fanacht lena chomhairle.
14 Ligeadar srian lena mianta san fhásach;
chuireadar cathú ar Dhia san uaigneas.
15 Lig sé a n-achainí leo;
ach chuir sé seirg-ghalar ar a n-anam.
16 Bhí éad orthu le Maois ina mbothanna,
agus le hÁrón, neach naofa an Tiarna.
17 D’oscail an talamh agus shlog sé Dátán,
agus d’fholaigh sé Aibíorám is a mhuintir.
18 Fadaíodh tine i measc a mbuíne;
agus loisc na lasracha na meirligh.
19 Dhealbhaigh siad lao ag Horaeb;
rinne siad íol d’ór leáite a adhradh.
20 Rinne siad Dia na glóire a mhalartú
ar íomhá tairbh a mhaireann ar fhéar.
21 Rinne siad dearmad ar Dhia a shlánaigh iad,
agus a rinne éachtaí móra dóibh san Éigipt,
22 a rinne na hiontais dóibh i dtír Hám,
agus nithe uamhnacha le hais na Mara Rua.
23 Agus dúirt sé go scriosfadh sé iad dá bhrí sin,
murach Maois, an té a roghnaigh sé
a dhul roimhe sa bhearna d’fhonn a fhearg
a mhaolú sula ndéanfadh sé a milleadh.
24 Ba tháir leo dá éis sin tír an aoibhnis;
níor mhuinín leo, ach oiread, a bhriathar.
25 Ach bhídís ag cásamh ina mbothanna,
agus ní éistfidís le glór an Tiarna.
26 D’ardaigh sé a lámh agus mhionnaigh dóibh
go leagfadh sé ar lár iad san fhásach,
27 go scaipfeadh sé a síol i measc na náisiún
a scaoileadh ar fud na cruinne.
28 D’umhlaigh siad ansin do Bhál Peór,
agus d’ith siad íobairtí na marbh.
29 Spreag siad é chun feirge lena ngníomhartha,
agus buaileadh iad ansin leis an bplá.
30 D’éirigh Píneachás gur imir sé breithiúnas,
gurb amhlaidh a cuireadh cosc leis an bplá.
31 Measadh sin mar fhíréantacht dó dá bharr
go dtí an uile ghlúin go brách na breithe.
32 Chuir siad fearg air ag uiscí Mhiríbeá;
agus smachtaigh sé Maois dá dheasca.
33 Óir chuir siad a chroí chun seirbhe,
ionas gur labhair sé briathra míchríonna.
34 Ní dhearna siad na náisiúin a dhíothú
de réir mar a d’ordaigh an Tiarna dóibh.
35 Ach is amhlaidh a rinne siad caidreamh leis na ciníocha,
go ndearna siad a ngníomharthasan a fhoghlaim.
36 Thug siad fónamh d’íola na náisiún,
gurb uime sin a cuireadh ó rath iad.
37 Óir d’íobair siad a macra féin,
agus a n-iníonacha féin do na deamhain.
38 Dhoirt siad fuil na neamhurchóideach,
fuil a mac is a n-iníonacha,
a d’íobair siad do íola Chanán
gur truaillíodh an tír le fuil.
39 Trochlaíodh iad lena n-oibreacha féin;
agus ghabh siad le striapachas ina ngníomhartha.
40 Bhladhm fraoch Dé in aghaidh a phobail;
ghlac sé déistin lena oidhreacht féin.
41 Thug sé faoi smacht na náisiún iad,
agus chuir lucht a bhfuatha faoi chois iad.
42 Rinne a naimhde cos ar bolg orthu,
agus fágadh faoi smacht a lámh iad.
43 Tharrthaigh sé arís agus arís eile iad,
ach spreag siad chun feirge é lena scéimeanna,
agus leag a n-urchóid féin ar lár iad.
44 Dá ainneoin sin chuir sé spéis ina mbuaireamh,
nuair a chuala sé a nglao.
45 Ar a son siúd chuimhnigh sé ar a chonradh.
Ghlac sé trua dóibh as ucht a lánmhaire a bhuanghrá,
46 agus fuair sé trócaire dóibh
ó na dreamanna go léir a rinne braighdeanaigh díobh.
47 Tarrthaigh sinn, a Thiarna, ár nDia;
bailigh le chéile sinn as measc na náisiún
go dtugaimis buíochas do d’ainm naofa,
is go ndéanaimis do mholadh a chanadh.
48 Moladh leis an Tiarna, Dia Iosrael,
ó aois go haois go brách.
Agus go gcana na daoine go léir:
Amen! Amen! Alleluia!