Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Irimia 39
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
An Bíobla Naofa
Irimia 39:1-18

Irimia

39 Sa naoú bliain de réimeas Zidicíá rí Iúdá, sa deichiú mí tháinig Nabúcadnazar rí na Bablóine agus a shlua uile in aghaidh Iarúsailéim agus chuir í faoi léigear. 2 San aonú bliain déag de réimeas Zidicíá, sa cheathrú mí, rinneadh bearna i múr na cathrach. 3 [Nuair a gabhadh Iarúsailéim] mháirseáil oifigigh uile rí na Bablóine isteach agus shuigh siad sa Gheata Meánach: Naergal Searaizir, [prionsa Shin Maigir, an ceann feadhna, Nabúiseazbán an t-ardoifigeach], agus oifigigh uile rí na Bablóine. 4 Nuair a chonaic Zidicíá rí Iúdá é sin theith sé féin agus na fir chogaidh uile as an gcathair de shiúl oíche, ag gabháil bealach ghairdín an rí tríd an ngeata idir an dá bhalla, agus [ag tabhairt aghaidh] ar an Arabá. 5 Lean saighdiúirí na gCaildéach iad agus rug siad ar Zidicíá ar mhachairí Ireachó. Nuair a ghabh siad é thug siad suas go Nabúcadnazar rí na Bablóine é i Ribleá i dtír Hamát, áit ar thug sé breithiúnas air. 6 Mharaigh rí na Bablóine clann mhac Zidicíá i Ribleá os comhair a shúl; chuir rí na Bablóine maithe uile Iúdá freisin chun báis. 7 Ansin bhain sé na súile as Zidicíá, cheangail le slabhra é á bhreith don Bhablóin. 8 Dhóigh na Caildéigh pálás an rí go talamh, agus tithe an phobail, agus leag siad múrtha Iarúsailéim. 9 Rug Nabúzaradán, ceann an gharda, leis i mbraighdeanas don Bhablóin fuíoll na ndaoine a fágadh sa chathair, agus an dream a theith chuige, mar aon leis an gcuid eile de cheardaithe na cathrach. 10 D’fhág Nabúzaradán, ceann an gharda, roinnt de bhochta an phobail, nach raibh aon ní acu, i dtír Iúdá agus thug fíniúna agus garraithe dóibh. 11 Bhí an t-ordú seo tugtha ag Nabúcadnazar rí na Bablóine do Nabúzaradán, ceann an gharda, i dtaobh Irimia: 12 “Tóg é, caith leis go maith; ná déan dochar ar bith dó, ach déan dó mar is áil leis féin.” 13 Mar sin chuir (Nabúzaradán, ceann an gharda) Nabúiseazbán, an t-ardfheidmheannach, Naergal Searaizir, an príomhoifigeach agus oifigigh uile rí na Bablóine díorma uathu, 14 agus chuir siad fir chun Irimia a thabhairt as Cúirt an Gharda agus [thug cead a chos dó]. Mar sin chónaigh sé i measc an phobail.

15 Nuair a bhí sé i gCúirt an Gharda tháinig briathar an Tiarna go Irimia: 16 “Éirigh agus abair le hEibid Meilic an tAetóipeach: ‘Is mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael: Féach, tugaim donas agus ní sonas ar an gcathair seo faoi mar a dúirt mé. An lá sin a thiocfaidh sé i gcríoch i d’fhianaise, 17 saorfaidh mé thusa an lá sin—is é an Tiarna a labhraíonn—agus ní thabharfar thú i láimh na bhfear a bhfuil eagla ort rompu. 18 Déanfaidh mé thú a fhuascailt go cinnte; ní thitfidh tú leis an gclaíomh; beidh d’anam mar éadáil agat, de bhrí gur chuir tú do dhóchas ionamsa—an Tiarna a labhraíonn.’”

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn