Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • 2 Peadar 1
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
  • 21
An Bíobla Naofa
2 Peadar 1:1-21

2 Peadar

2 PEADAR

1 Síomón Peadar, seirbhíseach agus aspal le hÍosa Críost, do chách a fuair creideamh ar chomhchéim linne i bhfíréantacht ár nDé agus ár Slánaitheora, Íosa Críost. 2 Go méadaítear grásta agus síocháin chugaibh in bhur n-aithne ar Dhia agus ar Íosa ár dTiarna.

3 Dháil a chumhacht dhiaga orainn gach a mbaineann leis an mbeatha agus leis an gcráifeacht de bharr aithne a chur airsean a ghlaoigh orainn chun a ghlóire agus a mhórgachta; 4 dá bhrí sin, thug sé a ghealltanais luachmhara rómhóra dúinn lenarbh fhéidir daoibh an truaillitheacht atá sa saol de bharr na n-ainmhianta a sheachaint agus a bheith páirteach sa nádúr diaga. 5 Uime sin déanaigí bhur lándícheall an tsuáilce a chur mar bhreis le bhur gcreideamh, agus an eagna le bhur suáilce, 6 agus an smacht leis an eagna, agus an fhoighne leis an smacht agus an chráifeacht leis an bhfoighne, 7 agus grá bráthar leis an gcráifeacht agus an charthanacht leis an ngrá bráthar. 8 Má tá na nithe seo agaibh agus agaibh go flúirseach, ní fhágfaidh siad gan éifeacht gan toradh sibh de bharr bhur n-aithne ar ár dTiarna Íosa Críost. 9 An té a bhfuil na nithe sin de dhíth air, tá sé dallta caoch agus dearmad déanta aige air gur glanadh é óna sheanpheacaí. 10 Dá bhrí sin, a bhráithre, bígí níos dícheallaí fós ag daingniú bhur ngairme agus na rogha a rinneadh díbh; má dhéanann sibh amhlaidh ní baol go dtitfidh sibh choíche. 11 Ar an tslí sin déanfar bealach isteach i ríocht shíoraí ár dTiarna, agus ár Slánaitheora, a sholáthar go fial flaithiúil daoibh.

12 Tá sé ar intinn agam, dá bhrí sin, a bheith ag cur na nithe seo de shíor i gcuimhne daoibh, cé go bhfuil sibh eolach orthu agus go bhfuil sibh daingnithe san fhírinne atá agaibh. 13 Is dóigh liom gur chóir dom, fad táim i mboth seo an choirp, a bheith do bhur múscailt le rabhadh, 14 mar go bhfuil a fhios agam nach fada uaim go gcuirfidh mé díom an bhoth seo faoi mar a nocht ár dTiarna Íosa Críost dom. 15 Agus féachfaidh mé chuige go mbeidh ar bhur gcumas, tar éis domsa imeacht, na nithe seo a thabhairt chun cuimhne uair ar bith.

16 Ní ag aithris aon fhabhalscéalta a ceapadh go cliste a bhíomar nuair a thugamar eolas daoibh ar chumhacht, agus ar theacht ár dTiarna Íosa Críost, mar chonaiceamar a mhórgacht lenár súile cinn. 17 Fuair sé glóir agus onóir ó Dhia an tAthair nuair a seoladh a leithéid seo de ghuth anuas chuige ón Ghlóir Mhaorga: “Is é seo mo Mhac muirneach dár thug mé gnaoi.” 18 Chualamar an guth sin a tháinig anuas ó na flaithis mar bhíomar in éineacht leis ar an sliabh naofa. 19 Fágann sin an briathar fáidhiúil níos iontaofa againn, agus ba mhaith an mhaise daoibh aird a thabhairt air mar a dhéanfadh sibh ar lóchrann ag lonrú in áit dhorcha, nó go ngealfaidh an lá agus go n-éireoidh réalta na maidine in bhur gcroí. 20 Tuigigí an méid seo ar dtús nach dtagann aon fháistine den scrioptúr faoi chiallú an duine aonair. 21 Óir ní ó ghníomh tola daonna a tugadh aon fháistine riamh, ach gur labhair daoine ó Dhia agus iad faoi luí an Spioraid Naoimh.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn