Sailm
Rí an Domhain: Breitheamh Cóir
97 Is é an Tiarna is rí, gairdíodh an talamh;
bíodh lúcháir ar na hinsí go léir.
2 Tá néalta agus dorchacht ina thimpeall;
ceart agus cóir is bonn lena ríchathaoir.
3 Gabhann tine roimhe amach ar a shlí dó,
agus í ag loscadh a naimhde de gach leith.
4 Soilsíonn a splancacha an chruinne;
creathnaíonn an talamh ar a fheiceáil.
5 Tagann leá ar na sléibhte ar nós céarach
i bhfianaise Thiarna na cruinne.
6 Fógraíonn na flaithis a fhíréantacht;
feiceann na náisiúin go léir a ghlóir.
7 Go raibh náire ar lucht adhartha na n-íomhánna,
a bhíonn ag maíomh as a n-íola gan tairbhe;
umhlaíodh na déithe go léir ina fhianaise.
8 Cloiseann Síón agus líonann sí d’áthas,
agus tá lúcháir ar chathracha Iúdá
as ucht do bhreithiúnas, a Thiarna.
9 Óir is tú an Tiarna go dearfa
in ardréim os cionn na cruinne,
agus os cionn na ndéithe go léir.
10 Gránn an Tiarna an dream ar gráin leo an t-olc;
déanann sé anamacha a naomh a chosaint,
á bhfuascailt ó láimh na n-éagráifeach.
11 Tá solas á nochtadh don fhíréan,
agus lúcháir do lucht an chroí dhírigh.
12 Déanaigí gairdeas sa Tiarna, a fhíréana;
agus tugaigí buíochas dá ainm naofa.