Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • 1 Peadar 2
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
  • 21
  • 22
  • 23
  • 24
  • 25
An Bíobla Naofa
1 Peadar 2:1-25

1 Peadar

2 Caithigí i leataobh uaibh, más ea, gach mailís agus calaois, gach cur i gcéill, gach formad, agus gach tromaíocht. 2 Dála naíonán nuabheirthe, bíodh cíocras oraibh chun an fhíorbhainne spioradálta ionas go bhfásfaidh sibh dá thairbhe chun an tslánaithe, 3 más é gur bhlais sibh gur caoin é an Tiarna. 4 Druidigí ina aice, os é an chloch bheo é dár dhiúltaigh daoine, ach ar tofa luachmhar i láthair Dé í; 5 agus tógtar sibhse féin, faoi mar ba bheochlocha sibh, in bhur n-áras spioradálta, le bheith in bhur sagartacht naofa le híobairtí spioradálta taitneamhacha a ofráil do Dhia trí Íosa Críost. 6 Uime sin tá seo sa scrioptúr:

“Féach, tá cloch á leagan agam i Síón,

cloch chúinne thofa luachmhar.

An té a chreidfidh inti, ní chuirfear díomá air.”

7 Daoibhse dá bhrí sin a chreideann, is luachmhar í, ach dóibh siúd nach gcreideann: “An chloch dár dhiúltaigh na saoir, rinneadh ceann an chúinne di,” 8 agus “ceap tuisle agus carraig scannail.” Baintear tuisle astu mar nach ngéilleann siad don bhriathar; agus is mar sin a bhí ceaptha dóibh.

9 Ach is cine tofa sibhse, sagartacht ríoga, muintir naofa, pobal a cuireadh ar leithrigh, le go bhfógródh sibh éachtaí an té sin a ghlaoigh as an dorchadas amach oraibh chun a sholais iontaigh féin. 10 Níor phobal sibh tráth, ach anois is pobal Dé sibh; níor bhain a thrócaire libh tráth, ach anois tá bainte aici libh.

11 A chairde cléibh, impím oraibh, mar choimhthígh agus mar dheoraithe, staonadh ó ainmhianta na colainne a bhíonn ag cogaíocht leis an anam. 12 Bíodh bhur n-iompar i measc na ngintlithe gan cháim, i dtreo, má cháineann siad anois sibh mar lucht míghníomhartha, go bhfeicfidh siad bhur ndea-oibreacha agus go molfaidh siad Dia dá gcionn ar lá an fhiosraithe.

13 Bígí géilliúil do gach foras daonna ar son an Tiarna, más don impire é de bharr a cheannasaíochta, 14 más do ghobharnóirí é, de bharr gur sheol seisean iad le coirpigh a phionósú agus le lucht dea-bheart a mholadh. 15 Mar is é toil Dé é go ndéanfaidh sibh aineolas daoine baotha a chur ina thost leis na bearta fónta a dhéanann sibh. 16 Déanaigí sibh féin a iompar mar shaoráin, gan an tsaoirse a bheith mar bhrat ar an olc agaibh, ach sibh a mhaireachtáil mar a bheadh daoráin Dé. 17 Tugaigí onóir do chách; bíodh grá agaibh don bhráithreacht; bíodh eagla oraibh roimh Dhia agus bíodh ómós agaibh don impire.

18 A sheirbhíseacha, bígí umhal do bhur máistrí, le barr urraime, agus ní dóibh siúd atá caoin cneasta amháin é ach don mhuintir gharg chomh maith. 19 Óir is é a thuilleann gnaoi, má iompraíonn duine pianta ag fulaingt go héagórach ach Dia os comhair a aigne aige. 20 Cén chreidiúint é má dhéanann sibh rud as an tslí agus go n-iompraíonn sibh bhur bpionós le foighne? Ach má dhéanann sibh an mhaith agus go bhfulaingíonn sibh dá bharr le foighne, tuilleann sin gnaoi Dé. 21 Óir is chuige seo a gairmeadh sibh, mar gur fhulaing Críost féin ar bhur son, agus gur fhág sé sampla agaibh le go leanfadh sibh a lorg. 22 Ní dhearna seisean aon pheaca, ná ní bhfuarthas aon chealg ina bhéal. 23 Nuair a caitheadh achasán leis níor chaith sé achasán ar ais; nuair a bhí sé ag fulaingt ní dhearna sé bagairt, ach d’fhág sé a chúis faoin té a thugann breith go cóir. 24 D’iompair sé ár bpeacaí ina cholainn féin ar an gcrann d’fhonn go bhfaighimis bás dár bpeacaí ach go mairfimis don fhíréantacht. Trína chréachtaí a cneasaíodh sibh. 25 Bhí sibh mar chaoirigh ar seachrán, ach tá fillte ar ais agaibh ar aoire agus ar chaomhnóir bhur n-anama.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn