Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Seanfhocail 23
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
  • 21
  • 22
  • 23
  • 24
  • 25
  • 26
  • 27
  • 28
  • 29
  • 30
  • 31
  • 32
  • 33
  • 34
  • 35
An Bíobla Naofa
Seanfhocail 23:1-35

Seanfhocail

23 Má shuíonn tú ag bord le flaith,

tabhair faoi deara go cúramach céard atá leagtha romhat.

2 Cuir scian chun do scornaí,

má tá luí le craos agat.

3 Ná cuir dúil ina shólais,

mar níl siad iontaofa mar bhia.

4 Ná caith do dhúthracht ag cnuasach maoine,

agus ná bain le [breis bhradaigh].

5 Caith súil uirthi agus imeoidh sí léi,

fásfaidh sciatháin uirthi,

dála an iolair a eitlíonn chun na spéire.

6 Ná caith béile le duine gortach

agus ná bíodh dúil agat ina shólais,

7 Ba gheall le [hanfa] ina scornach é agus le seirbhe ina chraos;

“Bí ag ithe agus ag ól,” a deir sé leat, ach ní ó chroí é.

8 Déanfaidh tú cibé beagán a íosfaidh tú a aiseag,

agus rachaidh do bhladar amú.

9 Ná cuir caint amú ar amadán,

mar nach dtuigfidh sé ciall do ráite.

10 Ná haistrigh an chloch ársa theorann,

agus ná déan bradaíocht ar thalamh dílleachtaí.

11 Óir is tréan é a bhfuasclóir,

agus déanfaidh sé a gcúis a thagairt i d’aghaidh.

12 Cuir do chroí sa teagasc,

agus tabhair cluas do bhriathra na gaoise.

13 Nara leasc leat smachtú linbh;

ní trúig bháis dó buille bata.

14 Buail buille bata air

agus déanfair a anam a fhuascailt ó Sheól.

15 A mhic, má tá do chroí-se ciallmhar,

ansin beidh lúcháir ar mo chroí féin;

16 Beidh mé féin meidhreach meanmnach

nuair a sceithfidh do bhéal briathra córa.

17 Ná bíodh do chroí in éad le peacaigh,

ach bí go teann gach lá faoi eagla an Tiarna;

18 Óir tiocfaidh an lá amárach,

agus ní rachaidh do dhóchas amú.

19 Éist liom, a mhic, agus bíodh ciall agat,

agus stiúraigh do chroí i slí [na gaoise].

20 Ná taobhaigh lucht na síormheisce,

ná craosairí gnáth na feola.

21 Óir lomann an pótaire is an craosaire iad féin,

agus ní fhágann an mhíogarnach ach balcaisí ar dhroim duine.

22 Éist leis an athair a ghin thú,

agus ná bíodh drochmheas agat ar do mháthair ina seanaois.

23 Ná déan an fhírinne riamh a dhíol, ach í a cheannach,

mar an gcéanna le heagna, le smacht, agus le tuiscint.

24 Beidh lúcháir, ar ndóigh, ar athair an fhíréin;

an té a ghineann mac ciallmhar, beidh áthas air dá bharr.

25 Gura tú ábhar lúcháire d’athar

agus suáilceas na mná a d’iompair thú!

26 Tabhair dom do chroí, a mhic,

agus bíodh do shúile ar mo chomhairle:

27 Cuithe domhain an striapach,

agus tobar cúng í an bhean dheoranta.

28 Bíonn sí ag faire amach dála an bhithiúnaigh,

agus is iomaí fear ar a mbuaileann sí bob.

29 Cé dó is mairg thar cách, cé dó is léan?

cé dó is dán an t-aighneas, agus an gearán?

agus buillí ó gach taobh?

agus scamall sa tsúil?

30 Do mhéiseálaithe fíona

a bhíonn ag tnúth de shíor le fíon dea-chumaisc.

31 Ná bí tógtha le fíon nuair is dearg é,

nuair a bhíonn sé ag spréacharnach sa chorn,

ná nuair a shníonn sé siar go socair.

32 Ar deireadh snapann sé mar a dhéanfadh nathair,

agus tá cealg ann mar atá san nathair nimhe.

33 Feicfidh do shúile nithe aisteacha,

agus tiocfaidh briathra earráideacha ó íochtar do chroí.

34 Beidh tú amhail duine ina chodladh i lár an aigéin,

amhail duine ina shuan ar an stiúir.

35 “Buaileadar mé, an ea?” déarfaidh tú, “ach níor gortaíodh mé;

ar léasadar mé? ach ní bhraithim aon ní;

cathain a dhúiseoidh mé ...? Beidh deoch eile uaim.”

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn