Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Salm 91
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
An Bíobla Naofa
Salm 91:1-16

Sailm

Faoi Scáth an Uilechumhachtaigh

91 An té a chónaíonn i ndaingean an Té is Airde,

a mhaireann faoi scáth an Uilechumhachtaigh,

2 deir sé leis an Tiarna: “Mo dhídean is mo dhaingean tú;

mo Dhia ina bhfuil mo dhóchas.”

3 Saorfaidh seisean thú ar ghaiste an fhoghlaera,

ós é atá [ar tí do mhillte].

4 Déanfaidh sé díon duit lena eiteoga,

agus rithfidh tú chuige faoina sciatháin.

5 Ní eagal duit uamhan na hoíche,

ná an tsaighead a scaoiltear sa lá,

6 ná an phlá a thriallann sa dorchacht,

ná an sciúirse a mhilleann um nóin

7 Ar a shon go dtitfeadh míle le d’ais,

agus deich míle ar do dheis,

ní thiocfaidh sé i do ghaobhar ná i do ghaire,

óir is sciath duit agus is lúireach a dhílse.

8 Óir ní gá duit ach féachaint i do thimpeall,

chun go bhfeice tú cúiteamh na bpeacach.

9 Óir is tú a dúirt: “A Thiarna, mo dhídean tú!”

agus a rinne caiseal den Neach is Airde.

10 Ní thiocfaidh aon urchóid i d’aice,

ná aon phlá i gcóngar do bhotha,

11 Óir thug sé ordú dá aingil i do thaobh:

tú a chosaint i do shlite go léir.

12 Iompróidh siad thú lena lámha

sula mbuailfeá do chos in aghaidh cloiche.

13 Satlóidh tú ar an leon is ar an nathair;

gabhfaidh tú de chosa sa leon óg is sa dragan.

14 De bharr a dhilghrá dom déanfaidh mé a shaoradh,

agus a dhíonadh toisc gur admhaigh sé m’ainm.

15 Nuair a ghlaofaidh sé orm déarfaidh mé: “Táim i d’fhochair.”

Déanfaidh mé é a shaoradh agus a onórú in am a bhuartha.

16 Déanfaidh mé é a shásamh le fad saoil a thabhairt dó;

agus déanfaidh mé mo shlánú a nochtadh dó.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn