Sailm
Móroibreacha an Tiarna
Salm aibítreach
111 Alleluia.
Gabhfaidh mé buíochas le Dia ó chroí,
i gcomhdháil agus i gcomhthionól na bhfíréan.
2 Is éachtach iad oibreacha an Tiarna,
inscrúdaithe do chách a charann iad.
3 Is oirirc ollásach iad a oibreacha,
agus maireann a fhíréantacht go brách.
4 Tugann sé orainn cuimhneamh ar a éachtaí;
is trócaireach grámhar é an Tiarna.
5 Beathaíonn sé an mhuintir ar a mbíonn a eagla;
cuimhneoidh sé de shíor ar a chonradh.
6 D’fhoilsigh sé cumhacht a bheart dá phobal,
nuair a thug sé dóibh oidhreacht na náisiún.
7 Is dílis agus is cóir iad a oibreacha;
is daingean iad a aitheanta go léir.
8 Maireann siad go buan agus go brách;
rinneadh iad le fíréantacht is le fírinne.
9 Rinne sé a phobal a fhuascailt,
agus bhunaigh sé a chonradh go brách.
Is naofa a ainm agus is creathnach.
10 Is é tús na heagna eagla Dé –
is ciallmhar iad lucht a adhartha;
mairfidh a mholadh go brách.