Míocá
5 [4:14] [Gearr thú féin anois, a iníon chogúil]
táthar tar éis léigear a chur orainn
agus breitheamh Iosrael
a bhualadh sa leiceann le slat.
2 [5:1] Ach tusa, a Bheithil Eafrátá
bíodh gur beag thú i measc chlanna Iúdá
is asatsa a thiocfaidh chugam
an té a bheidh ina cheann urra ar Iosrael,
an té a dtéann a shinsearacht na cianta siar
go dtí an t-am fadó.
3 [5:2] Sin é an fáth a dtréigfidh Dia iad
go dtí go mbéarfar mac di siúd,
a bhfuil tinneas clainne uirthi,
ansin fillfidh iarmhar a bhráithre ar chlann Iosrael.
4 [5:3] Seasfaidh sé go daingean agus beathóidh sé a thréad
trí chumhacht an Tiarna
agus le mórgacht ainm an Tiarna, a Dhia.
Mairfidh siad go slán sábháilte
mar leathnóidh a chumhacht amach ansin go críocha na cruinne.
5 [5:4] Beidh sé féin ina údar síochána;
nuair a thiocfaidh an Asaír isteach inár dtír,
nuair a chuirfidh siad cos laistigh dár gcríocha,
músclóimid seachtar aoire agus ochtar taoiseach ina gcoinne.
6 [5:5] Smachtóidh siad tír na hAsaíre le claíomh
agus dúiche Niomrod le treise lainne.
Fuasclóidh sé sinn ón Asaír
má thagann siad isteach inár dtír,
fiú má chuireann siad cos laistigh dár gcríocha.
7 [5:6] Agus beidh fuílleach Iacóib
i measc a lán náisiún
mar a bheadh an drúcht a thagann ón Tiarna
nó mar bhraonta báistí ar an bhféar glas.
Ní chuirfidh siad a muinín as aon fhear;
ní bheidh siad ag tnúth le cabhair ó mhuintir an tsaoil seo.
8 [5:7] Beidh fuílleach Iacóib i measc a lán náisiún
(i measc a lán pobal),
mar leon i measc ainmhithe na foraoise
nó mar liopard i measc tréada caorach.
Nuair a théann sé thart gabhann sé de chosa ina chreach
agus stróiceann sé as a chéile í
agus ní sciobfar uaidh í go deo.
9 [5:8] Ardóidh tú do lámha ín aghaidh d’eascairde
agus díothófar do naimhde go léir.
10 [5:9] An lá sin—a deir an Tiarna—dísceoidh mé na capaill atá agat
agus scriosfaidh mé do chuid carbad.
11 [5:10] Scartálfaidh mé bailte do thíre
agus leagfaidh mé do dhúnta uile.
12 [5:11] Bainfidh mé do chuid orthanna as do láimh
agus ní bheidh aon draoi agat feasta.
13 [5:12] Millfidh mé na híola agus na liagáin atá agat
agus ní dhéanfaidh tú sléachtadh níos mó
do dhéantús do lámh féin.
14 [5:13] Stoithfidh mé do chuaillí naofa
aníos as an talamh
agus treascróidh mé do chuid íomhánna cloch.
15 [5:14] Le confadh feirge imreoidh mé díoltas
ar na ciníocha nach ngéilleann dom.