Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Zacairia 8
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
  • 21
  • 22
  • 23
An Bíobla Naofa
Zacairia 8:1-23

Zacairia

8 Labhraíodh briathar Thiarna na Slua liom mar a leanas:

2 Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua:

“Tá teasghrá éadmhar agam do Shíón,

a mhúsclaíonn tocht díograise ionam di.”

3 Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua:

“Fillfidh mé ar Shíón

agus déanfaidh mé cónaí i lár Iarúsailéim.

Glaofar an Chathair Dhílis ar Iarúsailéim,

Sliabh Thiarna na Slua, an Sliabh Naofa.”

4 Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua:

“Beidh seanfhir agus seanmhná ina suí arís

i gcearnóga Iarúsailéim;

beidh bata ag gach duine díobh ina láimh

de dheasca a sheanaoise.

5 Agus beidh cearnóga na cathrach

lán de bhuachaillí agus de chailíní

agus iad ag súgradh iontu.”

6 Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua:

“Más geall le míorúilt é seo

le hiarmhar an phobail seo sna laethanta sin,

an gá gurb ionadh liomsa é?”

—a deir Tiarna na Slua.

7 Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua:

“Sábhálfaidh mé mo phobal

ón domhan thoir agus ón domhan thiar.

8 Tabharfaidh mé ar ais iad

chun cónaí a dhéanamh in Iarúsailéim.

Beidh siad ina bpobal agamsa

agus beidh mise i mo Dhia acusan

go dílis agus go cóir.”

9 Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua:

“Músclaígí bhur misneach,

sibhse atá ag éisteacht sna laethanta seo

leis na briathra seo ó bhéal na bhfáithe

atá ag déanamh tairngreachta,

ón lá ar leagadh bunsraith theach Thiarna na Slua,

ionas go n-atógfaí an Teampall.

10 Óir, roimh na laethanta seo

ní raibh luach saothair le fáil ag fear nó ag ainmhí,

agus, mar gheall ar a chuid naimhde,

ní raibh sábháilteacht ar bith ann do dhuine

agus é ag dul i mbun a ghnó;

mar bhí mé tar éis an uile dhuine

a chur in aghaidh a chomharsan.

11 Ach anois ní chaithfidh mé

le hiarmhar an phobail seo

faoi mar a chaith mé leo tráth,”

a deir Tiarna na Slua.

12 “Beidh rath agus bláth ar a síol;

tabharfaidh an fhíniúin a caora

agus an talamh a thorthaí;

fearfaidh na spéartha a ndrúcht,

agus cuirfidh mé iarmhar an phobail seo

i seilbh na maitheasaí seo go léir.

13 Faoi mar ba mhallacht sibh tráth i measc na náisiún,

a theaghlaigh Iúdá agus a theaghlaigh Iosrael,

sin mar a shábhálfaidh mé sibh

nó go mbeidh sibh in bhur n-ábhar beannachtaí dóibh;

ná bíodh aon eagla oraibh mar sin

ach músclaígí bhur misneach.”

14 Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua:

“Faoi mar a bheartaigh mé

dochar a dhéanamh daoibh

nuair a chuir bhur n-aithreacha fearg orm,”

a deir Tiarna na Slua,

“agus nár tháinig aithreachas ar bith orm faoi,

15 sin mar atá sé beartaithe agam athuair

rath a chur ar Iarúsailéim

agus ar theaghlach Iúdá sna laethanta seo.

Ná bíodh eagla oraibh.

16 Is iad seo na haitheanta atá le comhlíonadh agaibh:

labhraíodh gach duine an fhírinne lena chomharsa;

ag bhur ngeataí tugaigí fíorbhreithiúnais,

a bhuanóidh an tsíocháin eadraibh;

17 ná beartaíodh aon duine agaibh

olc ina chroí in aghaidh a chomharsan;

agus ná bígí tugtha do mhionnaí bréige;

óir, is fuath liom na nithe sin go léir,”

a deir an Tiarna.

18 Labhraíodh briathar an Tiarna liom mar a leanas:

19 Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua:

“Beidh troscadh an ceathrú agus an cúigiú

agus an seachtú agus an deichiú mí

ina n-ábhar áthais agus lúcháire

agus ina bhféilte aoibhnis do theaghlach Iúdá.

Dá bhrí sin, gráigí an fhírinne agus an tsíocháin.”

20 Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua:

“Tiocfaidh ciníocha eile fós, áitritheoirí cathracha móra.

21 Agus rachaidh áitritheoirí cathrach amháin

go ceann eile, á rá: ‘Téimis láithreach

chun impí a dhéanamh ar an Tiarna

agus chun Tiarna na Slua a lorg.

Táimse féin ag dul.’

22 Tiocfaidh mórán ciníocha agus náisiún tréan

chun Tiarna na Slua a lorg in Iarúsailéim

agus chun impí a dhéanamh ar an Tiarna.”

23 Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua:

“Sna laethanta sin béarfaidh deichniúr fear

as gach náisiún a bhfuil a theanga féin aige,

greim ar chiumhais róba gach Giúdaigh, á rá:

‘Lig dúinn dul in éineacht leat.

óir chualamar go bhfuil Dia in bhur dteannta.’”

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn