Sailm
Bua agus Briseadh Iosrael
Do stiúrthóir an chóir. Mascil chlann Chorach.
44 [44:2] Chualamar lenár gcluasa féin é, a Dhia,
agus d’inis ár n-aithreacha féin dúinn
na hoibreacha a rinne tú fadó,
na héachtaí a rinne tú lena linn.
2 [44:3] Mar chuir tú féin na ciníocha i mbéal a gcinn
gur phlandaigh tú ár sinsir ina n-ionad.
3 [44:4] Óir ní lena gclaíomh féin a ghabhadar an talamh
níorbh é a gcuisle féin a shaor iad
ach do dheaslámh féin is do chuisle
agus gile do ghnúise, mar b’iad do ghrá iad.
4 [44:5] Is tú mo rí agus mo Dhia
a thug barr agus bua do Iacób.
5 [44:6] Is tríotsa a chloíomar ár naimhde
gur ghabhamar de chosa i lucht ceannairce i d’ainm.
6 [44:7] Óir ní i mo bhogha a chuir mé mo dhóchas,
ná níorbh é mo chlaíomh a thug saor mé,
7 [44:8] ach is tusa a shábháil ónár naimhde sinn
agus a chuir náire ar an drong a thug fuath dúinn.
8 [44:9] Bhímis ag maíomh as Dia i dtólamh
agus ag tabhairt moladh do d’ainm de shíor.
Selah
9 [44:10] Ach anois tugann tú droim láimhe dúinn go dímheasúil
agus ní ghabhann tú amach lenár sluaite.
10 [44:11] Tugann tú orainn cúlú roimh ár naimhde
agus déanann lucht ár bhfuatha slad orainn.
11 [44:12] Thug tú suas sinn mar chaoirigh chun ár maraithe.
Chuir tú scaipeadh orainn ar fud na gciníocha.
12 [44:13] Dhíol tú do phobal in aisce,
agus ní bhfuair tú dada de bharr a ndíolta.
13 [44:14] Rinne tú ábhar achasáin dínn dár gcomharsana,
cúis gháire dá mbíonn inár dtimpeall,
14 [44:15] ceap aithise i mbéal na gciníocha
agus ceap magaidh i measc na náisiún.
15 [44:16] Bíonn mo tharcaisne os mo chomhair de shíor
agus luisne na náire i mo leiceann
16 [44:17] de bharr ghlór an scigire agus an sciolladóra
de dheasca an namhad agus an díoltasaí.
17 [44:18] Tháinig na nithe seo uile orainn anuas
siúd is nach ndearnamar dearmad ort,
is nach rabhamar mídhílis do do chonradh
18 [44:19] ná ní dheachaigh ár gcroí ar gcúl,
ná ní dheachaigh ár gcosa ar seachrán uait,
19 [44:20] bíodh gur bhrúigh tú in áit na hainnise sinn
agus gur fholaigh tú le scáil an bháis sinn.
20 [44:21] Dá ndéanaimis dearmad ar ainm ár nDé
nó dá leathaimis ár lámha chun dé eile,
21 [44:22] nach mbeadh a fhios sin ag Dia?
Óir is eol dó rúndiamhra an chroí.
22 [44:23] Ar do shonsa tugtar ár n-ár ar feadh an lae
agus meastar sinn mar chaoirigh atá le bású.
23 [44:24] Múscail! Cad é an codladh sin ort, a Thiarna?
Bí i do dhúiseacht! ná diúltaigh dúinn de shíor!
24 [44:25] Cén fáth a gceileann tú do ghnúis orainn
agus nach cuimhin leat ár n-ainnise is ár n-ansmacht?
25 [44:26] Óir leagadh ar lár sinn sa luaithreach
agus buaileadh ár gcorp ar an talamh.
26 [44:27] Éirigh i do sheasamh agus cabhraigh linn
agus fuascail sinn as ucht do thrócaire.