Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Salm 46
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
An Bíobla Naofa
Salm 46:1-11

Sailm

“Tá Tiarna na Slua inár bhFochair”

Do stiúrthóir an chóir. [Salm] chlann Chorach. Leis an bhfonn “Na Maighdeana ...” Amhrán.

46 [46:2] Is dídean dúinn Dia, agus is é ár neart é:

is é ár gcúnamh go dearfa é le linn ár n-anacra.

2 [46:3] Dá bhrí sin ní eagal linn má luascann an talamh

agus go gcaitear na sléibhte i gceartlár na mara,

3 [46:4] fiú amháin má bhíonn a huisce ag coipeadh ’s ag fiuchadh,

agus na sléibhte á suaitheadh ag neart na dtonnta.

[Tá Tiarna na Slua inar bhfochair:

is daingean dúinn Dia Iacóib.]

Selah

4 [46:5] Cuireann caisí na habhann lúcháir ar chathair Dé,

ionad naofa agus áras cónaithe an Neach is Airde.

5 [46:6] Tá Dia ina lár, ní féidir í a bhogadh;

tiocfaidh Dia i gcabhair uirthi le fáinne an lae.

6 [46:7] Tógtar clampar i measc na gciníocha, baintear croitheadh as ríochtaí,

toirníonn seisean lena ghlór agus leánn an talamh.

7 [46:8] Tá Tiarna na Slua inár bhfochair,

is daingean dúinn Dia Iacóib.

8 [46:9] Téanam agus feiceam oibreacha an Tiarna,

na héachtaí móra a rinne sé ar talamh.

9 [46:10] Cuireann sé cosc le cogaí ar fud na cruinne:

briseann sé boghanna agus smiotann sé sleánna,

loisceann sé sciatha agus carbaid le tine.

10 [46:11] “Éistigí! bíodh a fhios agaibh gur mise is Dia ann,

in ardréim ar na ciníocha, in ardréim ar talamh.”

11 [46:12] Tá Tiarna na Slua inár bhfochair,

is daingean dúinn Dia Iacóib.

Selah

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn