Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Séamas 4
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
An Bíobla Naofa
Séamas 4:1-17

Séamas

4 Cad faoi deara cogaí agus cathanna a bheith in bhur measc? Nach é seo, go bhfuil bhur n-ainmhianta ag troid le chéile in bhur mbaill bheatha? 2 Santaíonn sibh rud éigin agus níl sé agaibh; maraíonn sibh agus lorgann sibh, ach ní féidir daoibh teacht air; fearann sibh cath agus cogadh, ach ní fhaigheann sibh seilbh mar nach n-iarrann sibh. 3 Iarrann sibh rud, ach ní fhaigheann sibh mar nach n-iarrann sibh go cuí, ach lena chaitheamh ar bhur n-ainmhianta. 4 A striapacha, nach bhfuil a fhios agaibh gur cuma cairdeas an tsaoil seo nó eascairdeas Dé? Dá bhrí sin an té ar mian leis a bheith ina chara ag an saol seo, déanann sé namhaid Dé de féin. 5 Nó an dóigh libh gur gan fáth a deir an scrioptúr: “Bíonn sé ag tnúth le héad leis an spiorad a chuir sé a chónaí ionainn?” 6 Ach tugann sé breis grásta, agus uime sin deir sé: “Cuireann Dia in aghaidh lucht an uabhair, ach tugann sé grásta do lucht na huirísleachta.” 7 Géilligí dá bhrí sin do Dhia; cuirigí i gcoinne an diabhail agus teithfidh sé uaibh. 8 Druidigí i gcóngar Dé agus druidfidh Dia in bhur gcóngarsa. Nígí bhur lámha, a pheacacha, agus glanaigí bhur gcroí, sibhse atá ag cogadh le bhur n-aigne. 9 Bígí go dearóil, ag gol is ag caoineadh. Bíodh bhur ngáire ina gol agaibh, agus bhur lúcháir ina gruaim. 10 Déanaigí sibh féin a ísliú os comhair an Tiarna agus ardóidh sé sibh.

11 Ná bígí ag tromaíocht ar a chéile, a bhráithre. An té a dhéanann tromaíocht ar bhráthair, nó a dhaorann a bhráthair déanann sé tromaíocht ar an dlí agus daorann sé an dlí. Ach má dhaorann tú an dlí, ní á chomhlíonadh a bhíonn tú ach á dhaoradh. 12 Níl ach aon reachtóir agus aon bhreitheamh amháin ann, agus tá cumhacht saortha agus scriosta aigesean. Ach cé hé tusa le breith a thabhairt ar do chomharsa?

13 Féachaigí anseo sibhse a deir: “Rachaimid go dtí a leithéid seo de bhaile inniu nó amárach agus caithfímid bliain ann agus beimid ag trádáil ann agus ag déanamh airgid.” 14 Níl a fhios agaibh céard a tharlóidh amárach. Céard é bhur mbeo? Níl ionaibh ach mar ghal a thaibhsíonn ar feadh tamaill bhig agus a théann ar ceal ansin. 15 In ionad a rá: “Más é toil an Tiarna é, mairfimid agus déanfaimid seo nó siúd.” 16 Ach mar atá an scéal, nach sibh atá ag maíomh le barr sotail! Is olc é gach maíomh den sórt sin. 17 An té arb eol dó céard is ceart a dhéanamh agus nach ndéanann é, is peaca dó é.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn