Seanfhocail
16 Déanann croí an duine an beartú;
ach sé an Tiarna a thugann an freagra.
2 Bíonn iompar an duine gan cháim dar leis féin,
ach is é an Tiarna a thomhaiseann an intinn.
3 Fág do shaothar go léir faoin Tiarna,
agus cuirfear do phleananna go léir i gcrích.
4 Rinne an Tiarna gach ní le haghaidh cuspóra ar leith,
agus an t-urchóideach le haghaidh lá na tubaiste.
5 Is fuath leis an Tiarna an croí uaibhreach,
bí deimhin de nach rachaidh sé gan phionós.
6 Déantar leorghníomh sa pheaca trí dhílseacht agus seasmhacht;
seachnaíonn fear an t-olc le heagla an Tiarna.
7 Nuair a thugann bealaí duine taitneamh don Tiarna,
déanann sé cairde fiú dá eascairde.
8 Is fearr an beagán agus an chóir
ná an mórán agus an éagóir.
9 Beartaíonn duine a chúrsa ina chroí
ach sé an Tiarna a threoraíonn a chéimeanna.
10 Tagann oracail ó bhéal an rí,
ní dhéanann sé dearmad nuair a fhógraíonn a bhreith.
11 Is leis an Tiarna an mheá agus na scálaí cothroma;
is é a rinne na meáchana uile sa mhála.
12 Is gráin le ríthe an t-olc a dhéanamh,
mar is í an fhíréantacht is bonn faoin ríchathaoir.
13 Bíonn fáilte ag an rí roimh bheola fíréanta;
bíonn grá aige don té a labhraíonn go cóir.
14 Teachtaire báis fearg rí,
ach déanfaidh an t-eagnaí í a cheansú.
15 Bíonn an bheatha i ngile ghnúis an rí,
agus is geall le scamaill bháistí an earraigh a ghnaoi.
16 Is fearr an eagna a aimsiú ná an t-ór;
tóg tuiscint mar rogha thar an airgead.
17 Casann ród an fhíréin i leataobh ón olc;
an té a fhaireann cá bhfuil a thriall caomhnaíonn sé a bheo.
18 Gabhann uabhar roimh thubaiste;
agus éirí in airde roimh threascairt.
19 Is fearr a bheith umhal ó chroí i measc na n-íseal
ná an chreach a roinnt leis na huaibhrigh.
20 Beidh an rath ar an té a thugann aird ar an mbriathar;
is méanar don té a mbíonn a mhuinín aige as an Tiarna.
21 Tugtar fear na críonnachta ar an té atá eagnaí croí;
cuireann milse briathar le meallacacht ráite.
22 Is foinse beatha an ghaois don té a bhfuil sí ina sheilbh
ach is í an bhaois crá na n-amadán.
23 Múineann croí an eagnaí gliceas dá bhéal,
agus cuireann sé le meallacacht a bhriathar.
24 Is cuma nó cior mheala briathra séimhe;
is milis iad le blaiseadh agus is sláintiúil iad don chorp.
25 Tá cosán ann a shamhlaíonn ceart do dhuine,
ach níl de chríoch leis ach an bás.
26 Bíonn goile an tsaothraí ag saothar dó,
agus a chraos ocrach á ghriogadh.
27 Beartaíonn an t-alfraits olc,
agus is cuma nó tine loiscneach briathra a bhéil.
28 Síolann an cealgaire aighneas,
agus deighleann an béadánaí dlúthchairde óna chéile.
29 Cuireann an foréigneach a chomharsa ar seachrán,
agus meallann é ar bhóthar nach fónta.
30 Tá urchóid á taibhreamh d’fhear sméidte na súl,
agus tá an t-olc déanta ag an té a chuireann grabhas air féin.
31 Coróin ghlóire é an ceann liath
agus beatha fhíréanta a thuilleann í.
32 Is fearr an duine stuama ná an gaiscíoch tréan;
agus an té atá ina mháistir air féin ná an té a dhéanann cathair a ghabháil.
33 Ar an ucht a chaitear na cranna,
ach ón Tiarna a thagann an réiteach.