Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Rómhánaigh 10
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
  • 21
An Bíobla Naofa
Rómhánaigh 10:1-21

Rómhánaigh

10 Go deimhin, a bhráithre, is é mian mo chroí é agus mo ghuí chun Dé orthu go slánófaí iad. 2 Tugaim fianaise orthu go bhfuil díograis acu do Dhia ach nach díograis dea-eolais é. 3 Mar nuair nár aithin siad fíréantacht Dé ach iad ag iarraidh a bhfíréantacht féin a bhunú, níor ghéill siad d’fhíréantacht Dé. 4 Mar is é Críost buaic an dlí chun fíréantachta don uile dhuine a chreideann ann.

5 Is é a scríobhann Maois faoin bhfíréantacht a thagann ón dlí: “An té a choimhlíonann í, mairfidh sé inti.” 6 Ach is é a deir an fhíréantacht a thagann ó chreideamh: Ná habair leat féin: “Cé a rachaidh suas ar neamh?” (is é sin le rá chun Críost a thabhairt anuas); 7 nó: “Cé a rachaidh síos sa duibheagán?” (is é sin le rá chun Críost a thabhairt aníos ó mhairbh). 8 Ach cad a deir sé? “Tá an briathar i ngar duit, i do bhéal agus i do chroí” (is é sin le rá briathar an chreidimh atáimidne a fhógairt). 9 Mar má adhmhaíonn tú ó do bhéal gurb é Íosa an Tiarna agus má chreideann tú ó do chroí gur thóg Dia ó mhairbh é, slánófar thú. 10 Is sa chroí a bhíonn an creideamh a fhíréanaíonn agus sa bhéal a bhíonn an admháil a shlánaíonn. 11 Agus deir an scrioptúr: “Gach aon duine a chreideann ann ní bheidh díomá air.” 12 Mar níl aon dealú idir Giúdach agus Gréagach mar is é an t-aon Tiarna amháin atá orthu go léir agus caitheann sé go flaithiúil lena nglaonn air, 13 “mar gach aon duine a ghlaofaidh ar ainm an Tiarna, slánófar é.”

14 Ach conas a ghlaofaidís ar an té nár chreid siad ann? Agus conas a chreidfidís sa té nár chuala siad trácht air? Agus conas a chloisfidís trácht air gan duine á fhógairt dóibh? 15 Agus conas a dhéanfadh daoine é a fhógairt mura gcuirtear amach iad chuige sin? Mar atá scríofa: “Nach álainn iad cosa lucht fógartha an dea-scéil.”

16 Ach ní gach aon duine a ghéill don dea-scéal, de réir mar a deir Íseáia: “A Thiarna, cé a chreid ár dteagasc?” 17 Is ó theagasc a thagann an creideamh, mar sin, agus is trí sheanmóireacht Chríost a thagann an teagasc féin. 18 Ach ceist agam: An é nár chuala siad an scéala? Chuala go deimhin mar “chuaigh a nglór amach ar fud an domhain go léir agus a mbriathra go himill na cruinne.”

19 Ceist eile agam: An amhlaidh nár thuig Iosrael an scéal? Ar an gcéad ásc dúirt Maois:

“Cuirfidh mé in éad sibh le dream nach pobal

agus cuirfidh mé i bhfeirg sibh le cine gan chiall.”

20 Agus téann Íseáia chomh fada lena rá:

“An mhuintir nach raibh do mo lorg,

is iad a fuair mé.

Agus an mhuintir nach raibh do m’fhiafraí,

is dóibh a d’fhoilsigh mé mé féin.”

21 Ach is é a deir sé faoi Iosrael: “Shíneas mo lámha ar feadh an lae chun pobail atá easumhal ceanndána.”

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn