Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Eizicéil 18
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
  • 21
  • 22
  • 23
  • 24
  • 25
  • 26
  • 27
  • 28
  • 29
  • 30
  • 31
  • 32
An Bíobla Naofa
Eizicéil 18:1-32

Eizicéil

18 Tháinig briathar an Tiarna chugam arís: 2 “Cad chuige a n-aithriseann sibh an seanfhocal seo faoi thír Iosrael:

D’ith a n-aithreacha caora searbha;

agus tá déistin ar fhiacla na clainne?

3 “Dar mo bheo—an Tiarna Dia a labhraíonn—ní bheidh an seanfhocal seo sa chaint a thuilleadh eadraibh in Iosrael. 4 Féach, is liomsa an uile bheo, is liom anam an athar agus anam an mhic. An duine a pheacaíonn, eisean a éagfaidh.

5 “Géilleann an fíréan don dlí agus don cheart, 6 ní itheann sé ar na sléibhte, ní thógann sé a shúile chun íola mhuintir Iosrael, ní thruaillíonn sé bean a chomharsan, ní théann i ndáil mhná le linn a fola míosúla. 7 Ní imríonn sé éagóir ar aon duine, ach tugann sé a gheall ar ais dá fhéichiúnaí; ní ghoideann sé, ach tugann arán don ocrach agus éadaí don nocht. 8 Ní thugann sé uaidh ar úsaireacht, ní ghlacann sé brabús, staonann sé ón olc, tugann sé breithiúnas cóir idir duine agus duine; 9 siúlann sé de réir mo reachtanna agus comhlíonann mo dheasghnátha go cúramach. Tá a leithéid fíréanta dáiríre agus mairfidh sé go deimhin. Is é an Tiarna Dia a labhraíonn.

10 “Ach má ghineann sé bithiúnach fuilteach de mhac 11 nach ndéanann aon dualgas díobh seo, ach a itheann ar na sléibhte, a thruaillíonn bean a chomharsan, 12 a imríonn éagóir ar an mbochtán agus ar an ainniseoir, a ghoideann, nach dtugann geall ar ais, a thógann a shúile chun na n-íol, a mbíonn imeachtaí gránna ar siúl aige, 13 a thugann uaidh ar úsaireacht agus a ghlacann brabús; an mairfidh seisean? Go deimhin, ní mhairfidh. Tar éis dó na coireanna gránna seo a dhéanamh éagfaidh sé cinnte agus beidh a chuid fola air féin.

14 “Ach má ghineann an fear seo mac a fheiceann na peacaí a rinne a athair, a ghabhann eagla agus nach ndéanann beart dá réir, 15 nach n-itheann ar na sléibhte, nach dtógann a shúile chun íola mhuintir Iosrael, nach dtruaillíonn bean a chomharsan, 16 nach n-imríonn éagóir ar aon duine, nach n-éilíonn geall, nach ngoideann; ach a thugann arán don ocrach agus éadaí don nocht, 17 a staonann ón olc, nach dtugann uaidh ar úsaireacht agus nach nglacann brabús, a chomhlíonann mo dheasghnátha agus a shiúlann de réir mo reachtanna; ní éagfaidh seisean de bharr peacaí a athar, ach mairfidh sé go deimhin. 18 Ach de bhrí gur imir an t-athair éagóir, gur chreach sé a dheartháir agus nach ndearna gar riamh i measc a mhuintire, éagfaidh sé cinnte de bharr a oilc.

19 “Deir sibh: ‘Cad chuige nach n-iompraíonn an mac peacaí an athar?’ Má ghéilleann an mac don dlí agus don cheart agus mo dheasghnátha a chomhlíonadh go cúramach, mairfidh sé gan amhras. 20 An duine a pheacaíonn, éagfaidh sé. Ní bheidh an mac freagrach i bpeacaí an athar ná an t-athair i bpeacaí an mhic; gheobhaidh an fíréan creidiúint as a fhíréantacht féin amháin agus an drochdhuine as a urchóid.

21 “Ach má thréigeann an drochdhuine na peacaí go léir a rinne sé, má chomhlíonann sé mo dheasghnátha uile agus géilleadh don dlí agus don cheart, mairfidh sé go deimhin; ní éagfaidh sé. 22 Na peacaí go léir a rinne sé ní labhrófar leis arís orthu; as an bhfíréantacht a chleacht sé mairfidh sé. 23 An mbainim sult as bás an drochdhuine?—an Tiarna Dia a labhraíonn. Nach é mo mhian go dtréigfeadh sé a bhealaí agus go mairfeadh sé? 24 Ach má thréigeann an fíréan a fhíréantacht, agus olc a dhéanamh, agus imeachtaí gránna an drochdhuine a bheith ar siúl aige, an mairfidh sé? Ní bheidh aon trácht ar an bhfíréantacht a chleacht sé; de bhrí gur fheall sé agus gur pheacaigh sé, gheobhaidh sé bás.

25 “Ach deir sibhse: ‘Ní cóir iad gníomhartha an Tiarna.’ Éistigí liom, a mhuintir Iosrael; nach cóir iad mo ghníomhartha? Nach iad bhur ngníomhartha féin atá míchóir? 26 Má thréigeann an fíréan a fhíréantacht agus peacú, éagfaidh sé dá bharr; éagfaidh sé de bharr an oilc atá déanta aige. 27 Arís, má thréigeann an drochdhuine a pheacaí agus déanamh mar is ceart agus mar is cóir, tabharfaidh sé a bheatha slán. 28 De bhrí gur mhachnaigh sé agus gur thréig sé a pheacaí go léir mairfidh sé go deimhin; ní bhfaighidh sé bás. 29 Ach deir muintir Iosrael: ‘Ní cóir iad gníomhartha an Tiarna.’ A mhuintir Iosrael, nach cóir iad mo ghníomhartha? Nach iad bhur ngníomhartha féin atá míchóir? 30 Dá bhrí sin, tabharfaidh mé breithiúnas ort, a mhuintir Iosrael; ar gach duine de réir a ghníomhartha—an Tiarna Dia a labhraíonn. Déanaigí aithrí agus tréigigí bhur bpeacaí go léir; seachnaígí gach ócáid scannail agaibh. 31 Teilgigí uaibh na peacaí uile a rinne sibh orm; agus cothaígí ionaibh féin croí nua agus spiorad nua. Cad chuige gur toil libh bás a fháil, a mhuintir Iosrael? 32 Ní bhainimse sult as bás aon duine—an Tiarna Dia a labhraíonn. Ar an ábhar sin guím aithrí daoibh agus beatha.”

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn