Sailm
Slí na Beatha Suthaine
Salm le Dáiví.
15 A Thiarna, cé dhéanfaidh cónaí i do bhoth?
Cé lonnóidh ar do shliabh naofa?
2 An té a shiúlann gan cháim;
an té a dhéanann fíréantacht
agus a labhraíonn go díreach óna chroí;
3 an té nach ndéanann tromaíocht lena theanga;
an té nach ndéanann olc dá chomharsa
is nach dtugann masla don duine thall;
4 an té ar beag aige an drochdhuine
agus ar mór aige lucht eagla an Tiarna;
an té nach ngabhann siar ar a bhriathar
bíodh gur mhionnaigh chun a dhochair féin;
5 nach gcuireann a chuid airgid ar úsaireacht,
’s nach nglacann le breab in aghaidh an
neamhchiontaigh.
An té a dhéanfaidh amhlaidh
ní bhainfear dá threoir é go brách.