Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Íseáia 35
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
An Bíobla Naofa
Íseáia 35:1-10

Íseáia

35 Déanadh an díthreabh agus tír an triomaigh lúcháir,

bíodh gairdeas ar an ngaineamhlach agus é faoi bhláth;

tagadh bláthanna air chomh tiubh leis an gcróch,

déanadh sé gairdeas le gártha agus le ceol.

2 Maise na Liobáine tugtar dó,

scéimh Chairmell agus Sheárón lena chois sin;

beidh maise an Tiarna le feiceáil acu seo

agus scéimh an Dé seo againne.

3 Déanaigí láidir na lámha atá faonlag

agus cuirigí téagar sna glúine atá ag lúbadh;

4 abraigí le lucht an chroí mhearaithe:

“Músclaígí bhur misneach; ná bíodh eagla oraibh.

Breathnaígí! Is é bhur nDia atá ann,

tá sé chugaibh leis an díoltas atá ag dul daoibh;

Dia atá ann ag agairt a chúitimh,

agus é ag teacht do bhur slánú.”

5 Déanfar a súile do na daill an uair sin

agus réiteofar cluasa na mbodhar;

6 beidh an bacach ag léimneach mar a bheadh fia ann

agus teanga an bhalbháin ag gabháil ceoil le lúcháir.

Óir brúchtfaidh uisce aníos san fhásach

agus srutháin i bhfearann an triomaigh;

7 déanfar linn den talamh spallta

agus toibreacha uisce de thír an tarta.

Na huaimheanna mar a dtéadh na madraí allta a chónaí,

beidh siad ina mothar cíbe agus giolcach ...

8 Beidh bealach mór agus bóthar ansin

a dtabharfar mar ainm air an Bealach Beannaithe;

ní shiúlfaidh an neamhghlan an treo sin,

ná ní bheidh lucht baoise ag fánaíocht ar a fhad.

9 Ní bheidh leon ar bith ansin feasta

ná aon chreachadóir d’ainmhí allta;

ach an dream atá i ndiaidh a bhfuascailte, is iad a shiúlfaidh é,

10 agus an dream atá saortha ag an Tiarna, leanfaidh siad abhaile é.

Tiocfaidh siad go Síón, ag liúireach le gairdeas,

agus aoibhneas síoraí ina choróin ar a gceann;

tiocfaidh áthas agus aoibhneas ag triall ina gcuideachta,

agus beidh casaoid agus crá bailithe leo ar shiúl.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn