Sailm
Maitheamh an Pheaca
Mascail Dháiví.
32 Is méanar dár maitheadh a choir;
dár folaíodh a pheaca;
2 an té nach gcuireann an Tiarna
cion ina leith,
’s nach bhfuil cealg ina chroí.
3 Bhí mé i mo thost, agus chríon mo chnámha;
bhínn ag osnaíl gach lá,
4 Óir gach uile lá agus oíche
ba throm orm do lámh.
Go deimhin, bhí mo neart á thrá
mar a bheadh le teas an tsamhraidh.
5 Ach cheana, d’admhaíos mo pheaca duit
agus níor cheil mé m’urchóid.
Dúirt mé: “Admhóidh mé anois
mo choir don Tiarna.”
Agus thug tú maithiúnas dom ansin:
mhaith tú mo pheaca dom.
6 Guífidh gach neach diaga thú, dá bhrí sin,
in am an éigin.
Nuair a bhrúchtfaidh na tuilte móra
ní thiocfaidh siad i ngar dó.
7 Is tú m’áit fholaigh, a Thiarna,
do m’fhuascailt ó m’anacair;
cuireann tú gártha fuascailte thart timpeall orm.
8 Tabharfaidh mé teagasc agus múinfidh mé
an tslí is triallta duit.
Tabharfaidh mé comhairle agus eolas duit;
coimeádfaidh mé súil ort.
9 Ná bígí mar an each ná an mhiúil,
gan chiall gan tuiscint.
Mura gcoisctear le béalbhach agus srian iad
ní thiocfaidh siad i do chóngar.
10 Is líonmhar iad dóláis na n-éagráifeach,
ach tá trocaire agus grá
ag an té a mbíonn a dhóchas sa Tiarna.
11 Déanaigí lúcháir agus gairdeas sa Tiarna,
a fhíréana uile.
Déanaigí aoibhneas agus áthas
a lucht an chroí dhírigh.