Sailm
Dia ár nOidhreacht
Mictam Dháiví.
16 Caomhnaigh mé a Thiarna, is ort a thriallaim.
2 Deirim leis an Tiarna: “Is tú mo Dhia.
Níl maith ar bith agam cés moite díotsa.”
3 Chuir sé grá as cuimse ag borradh i mo chroí
do na daoine dílse a mhaireann ina thír.
4 An dream ar rogha leo a mhalairt de Dhia
tiocfaidh tuilleadh mór fós de bhuartha anuas orthu.
Ní thoirbhreoidh mé fuil a ndeochíobairt ar aon chor
ná ní chluinfear a n-ainmneacha go brách ar mo bheola.
5 Is é an Tiarna is rogha liom, mo chuid de réir oidhreachta;
agus cuid mo chupáin; is ort atá mo sheasamh.
6 Thit na téada tomhais dom in áiteanna áille:
is aoibhinn liom go dearfa an oidhreacht a fuair mé.
7 Tugaim buíochas don Tiarna as ucht comhairle a thabhairt dom,
agus teagasc a thabhairt do mo chroí san oíche.
8 Coimeádaim an Tiarna de shíor i m’intinn:
agus é ar mo dheasláimh ní chorrófar mé choíche.
9 Tá gairdeas ar mo chroí agus áthas ar m’anam;
agus ligfidh mo cholainn a scíth faoi dhóchas.
10 Óir ní fhágfaidh tú m’anam i measc na marbh
ná ní ligfidh tú do do mhuirneach truailliú a fheiceáil.
11 Taispeánfaidh tú slí na beatha dom;
tá lúcháir go fial i do láthair
agus aoibhneas ar do dheasláimh go brách.