Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Íseáia 46
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
An Bíobla Naofa
Íseáia 46:1-13

Íseáia

46 Tá Béil ar a ghlúine! Tá Neabó tar éis cúbadh chuige féin!

Tá a n-íola ar dhroim ainmhithe agus beithígh iompair,

ina n-ualach anuas ar bheithígh thraochta.

2 Cúbann siad agus cromann siad uile;

gan ar a n-acmhainn a lucht iompair féin a shábháil,

ag imeacht mar aon leo i mbraighdeanas iad féin.

3 “Éistigí liom, a theaghlach Iacóib,

a iarmhair uile de theaghlach Iosrael!

sibhse a bhí ar iompar agam ó saolaíodh sibh,

a bhí mar chúram agam ó bhroinn na máthar i leith.

4 Go dtí bhur seanaois beidh mise mar atá mé,

agus go liatha bhur gceann beidh mise i mo thaca agaibh.

Is é a rinne mé cheana nuair a d’iompair mé sibh;

beidh mé mar thaca agaibh agus mar fhuascailt.”

5 Cé leis a gcuirfidh sibh i gcomparáid agus i gcóimheas mé,

cé leis a gcuirfidh sibh mé i gcomórtas agus i gcosúlacht?

6 Tá dream ann a dhoirteann ór go fial as a sparán

agus meánn siad airgead ar an ainsiléad.

Fostaíonn siad orcheard chun dia a dhéanamh dóibh

sléachtann siad síos agus tugann adhradh dó!

7 Tógann siad suas ar a nguaillí agus iompraíonn siad é,

cuireann siad é san ionad ar dual dó seasamh ann.

As an ionad ina bhfuil sé ní féidir leis bogadh.

An té a ghlaonn air, ní thugann sé freagra dó,

óna thrioblóid ní fhéadann sé a shábháil.

8 Meabhraígí sin, a lucht an éirí in airde,

déanaigí machnamh air agus tagaigí ar bhur gciall;

9 cuimhnigí ar rudaí atá thart le fada an lá.

Is mise Dia agus níl m’athrach ann

is mise Dia agus níl mo leithéid eile ar fáil!

10 Foilsím ón tús an deireadh a bheidh ann,

foilsím riamh anall rudaí nár cuireadh i gcrích go fóill!

Deirim: Déanfar mar a bheartaím

agus gach is áil liom cuirfidh mé i gcrích.

11 Scairtim ar éan creiche anoir,

ar fhear na cinniúna as tír i gcéin.

Ní luaithe ráite ná déanta é!

Ní luaithe beartaithe ná curtha i gcrích!

12 Éistigí liom, sibhse atá ag cailleadh misnigh

agus ar fada libh an bua gan teacht.

13 Tá mo bhua á thabhairt i ngar agam, ní fada uaibh é,

ní bheidh moill ar mo shlánú.

Deonóidh mé an slánú i Síón,

ar mhaithe le hIosrael mo ghlóir!

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn