Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Íseáia 25
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
An Bíobla Naofa
Íseáia 25:1-12

Íseáia

25 A Thiarna, is tú mo Dhia;

móraim thú agus ceiliúraim d’ainm;

mar chuir tú do bheartaíocht iontach i gcrích,

comhairle ar cinneadh uirthi fadó riamh,

chuir go fíréanta agus go fírinneach.

2 Óir d’fhág tú cathracha ina gcarnáin chloch

agus bailte poirt ina gconamar.

Ní baile é feasta dúnfort na ndíomasach,

ní dhéanfar a atógáil arís go deo.

3 Is uime sin a thugann an cine borb seo glóir duit;

uime sin atá eagla ar chathracha na náisiún danartha romhat.

4 Mar is tearmann thú don dearóil,

tearmann don dealbh in am a ghátair;

dídean ón stoirm agus scáth ón teas,

mar is cosúil confa na mborb le doineann gheimhridh.

5 Mar a bheadh spalladh triomaigh ar an bhfásach,

ceansóidh tú gleo lucht an díomais;

mar a mhúchtar an teas faoi scáth scamaill,

cuirfear ceol na mborb ina thost.

6 Ullmhóidh Tiarna na Slua

ar an sliabh seo le haghaidh na gciníocha go léir

cóisir saille, cóisir do rogha na bhfíonta,

de smior na saille, de thogha agus de rogha na bhfíonta;

7 agus tógfaidh sé ar shiúl an chaille bhróin

a bhí ag clúdach na gciníocha go léir,

agus an eisléine a bhí ag folach na náisiún uile;

8 cuirfidh sé an bás ar ceal go deo.

Triomóidh Dia na deora de na gnúiseanna go léir;

tógfaidh sé an milleán dá phobal agus den domhan uile;

óir is é an Tiarna a dúirt é.

9 Déarfar an lá sin: “Breathnaígí, is é ár nDia é,

a raibh muid ag dréim le slánú uaidh;

is é an Tiarna é, a raibh muid ag dréim leis.

Déanaimid gairdeas agus lúcháir mar gur shlánaigh sé sinn”;

10 óir tá lámh an Tiarna ag lonnú ar an sliabh seo.

Tá Móáb á shatailt síos ina áit féin,

mar a shatlaítear cochán síos i gclais aoiligh;

11 agus síneann sé amach a lámha ansin,

mar a shíneann snámhadóir amach iad chun snámha.

Ach tugann an Tiarna béim síos dá uabhar

le gach bang dá ndéanann sé.

12 Do bhábhúin arda uaibhreacha

scriosann sé iad, leagann sé iad,

caitheann sé síos iad sa láib.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn