Sailm
Uile-Eolas
Do stiúrthóir an chóir. Salm le Dáiví.
139 Scrúdaíonn tú mé, a Thiarna, agus is eol duit mé.
2 más luí dom, más suí dom, is eol duit é;
is eol duit mo rún is mé i bhfad uait.
3 Más siúl dom, más suan dom, feiceann tú;
is eol duit mo shlite go léir.
4 Sula gcluintear focal ar mo theanga,
a Thiarna, is eol duit ar fad é.
5 Imdhruideann tú ar chúl is ar bhéal mé;
agus leagann tú do lámh orm de shíor.
6 Is ró-iontach, ró-uasal liom an t-eolas seo;
agus téann sé thar m’acmhainn a thuiscint.
7 Cá háit a rachaidh mé ó do spiorad?
ná cá háit a dteithfidh mé ó do láthair?
8 Má ghabhaim in airde neimhe beidh tú ann romham;
má luím san uaigh, beidh tú ansin romham freisin.
9 Má ghabhaim umam sciatháin na maidine,
agus cónaí i gcríocha imchiana na farraige,
10 ansin féin beidh do lámh do mo sheoladh;
agus béarfaidh tú orm le do dheasláimh.
11 Má deirim go bhfolóidh an dorchacht mé,
agus go mbeidh solas an lae ina oíche umam,
12 ní dorcha leatsa an dorchacht:
is comhsholas duit lá agus oíche.
13 Óir is tú a dheilbhigh go hiomlán mé;
agus a d’fhuaigh i mbroinn mo mháthar mé.
14 Tugaim buíochas duit de bharr iontas mo dhéantúis;
de bhrí gurb éachtach iad d’oibreacha.
B’eol duit go hiomlán m’anamsa;
15 níor ceileadh ort fiú amháin mo chreat,
nuair a cumadh os íseal mé,
gur múnlaíodh i mbroinn na talún mé.
16 Chonaic do shúile mo ghníomhartha;
óir scríobhadh iad uile i do leabhar;
agus cinneadh dom mo laethanta go léir,
sular tháinig ceann amháin acu ann.
17 Nach diamhrach liom do chomhairlí, a Thiarna;
má dhéanaim a gcomhaireamh ní thig liom a n-áireamh;
18 ní lia gaineamh na trá ná iad;
dá mbeinn réidh leo bheinn farat go fóill.
19 Is mairg, a Dhia, nach scriosann tú na hurchóidigh;
is mairg nach n-imíonn uaim fir na fola.
20 Óir déanann siad ceannairc i d’aghaidh go fealltach;
agus tugann do naimhde mionna éithigh.
21 Nach fuath liom, do lucht fuatha, a Thiarna;
nach déistin liom a n-éiríonn i d’éadan?
22 Is amhlaidh atá an ghráin shaolta agam orthu;
dar liomsa is deargnaimhde dom iad.
23 Scrúdaigh mé, a Dhia, agus féach mo chroí;
déan mo thástáil, agus féach mo smaointe.
24 Féach an bhfuil drochslí á siúl agam;
agus seol mé ar shlí na síoraíochta.