Iób
26 Ansin d’fhreagair Iób, agus dúirt:
2 Nach breá an chabhair a thug tú don lag!
Nach mór an fhuascailt a rinne tú ar an ngéag thláith!
3 Nach maith an chomhairle a thug tú don aineolach!
Agus an misneach don lagmhisniúil.
4 Ach cé leis a ndearna tú do chomhráite?
Agus cé leis an spiorad a tháinig uait?
5 Bíonn na Rafáím ar crith faoin talamh thíos,
Bíonn eagla ar na huiscí agus ar a lucht áitribh.
6 Tá Seól tarrnocht os a chomhair,
Agus Abadón gan bhrat.
7 Eisean a leath an Roinn Thuaidh thar an bhfolús
Agus a chroch an chruinne ar neamhní.
8 Cheangail sé na huiscí ina néalta,
Agus níor stróiceadh na scamaill faoina n-ualach.
9 Chlúdaigh sé aghaidh na [lánré],
Agus leath sé a néal thairsti.
10 Chuir sé fáinne thart ar dhromchla na n-uiscí,
Ag an teorainn idir solas agus dorchadas.
11 Tagann creathán ar cholúin na spéire,
Agus uafás, nuair a chloiseann siad é ag bagairt.
12 Chiúnaigh sé an fharraige lena chumhacht,
Agus threascair sé Ráhab lena éirim.
13 Shoilsigh a anáil na spéartha,
Agus ghoin a lámh an nathair ar teitheadh.
14 Ach féach! níl sa mhéid sin go léir ach imill a bhealaí!
Ní chloisimid uaidh ach macalla cogair!
Cé a thuigfeadh toirneach a chumhachta?