Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Iób 26
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
An Bíobla Naofa
Iób 26:1-14

Iób

26 Ansin d’fhreagair Iób, agus dúirt:

2 Nach breá an chabhair a thug tú don lag!

Nach mór an fhuascailt a rinne tú ar an ngéag thláith!

3 Nach maith an chomhairle a thug tú don aineolach!

Agus an misneach don lagmhisniúil.

4 Ach cé leis a ndearna tú do chomhráite?

Agus cé leis an spiorad a tháinig uait?

5 Bíonn na Rafáím ar crith faoin talamh thíos,

Bíonn eagla ar na huiscí agus ar a lucht áitribh.

6 Tá Seól tarrnocht os a chomhair,

Agus Abadón gan bhrat.

7 Eisean a leath an Roinn Thuaidh thar an bhfolús

Agus a chroch an chruinne ar neamhní.

8 Cheangail sé na huiscí ina néalta,

Agus níor stróiceadh na scamaill faoina n-ualach.

9 Chlúdaigh sé aghaidh na [lánré],

Agus leath sé a néal thairsti.

10 Chuir sé fáinne thart ar dhromchla na n-uiscí,

Ag an teorainn idir solas agus dorchadas.

11 Tagann creathán ar cholúin na spéire,

Agus uafás, nuair a chloiseann siad é ag bagairt.

12 Chiúnaigh sé an fharraige lena chumhacht,

Agus threascair sé Ráhab lena éirim.

13 Shoilsigh a anáil na spéartha,

Agus ghoin a lámh an nathair ar teitheadh.

14 Ach féach! níl sa mhéid sin go léir ach imill a bhealaí!

Ní chloisimid uaidh ach macalla cogair!

Cé a thuigfeadh toirneach a chumhachta?

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn