Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Iób 31
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
  • 21
  • 22
  • 23
  • 24
  • 25
  • 26
  • 27
  • 28
  • 29
  • 30
  • 31
  • 32
  • 33
  • 34
  • 35
  • 36
  • 37
  • 38
  • 39
  • 40
An Bíobla Naofa
Iób 31:1-40

Iób

31 Rinne mé margadh le mo shúile,

Nach ndéanfaidís moill ag amharc ar mhaighdean.

2 Cén roinn a dheonaíonn Dia ó neamh?

Cén oidhreacht a bhronnann an tUilechumhachtach ó na flaithis?

3 Nach tubaiste ar an gcoirpeach?

Agus mí-adh ar lucht na hurchóide?

4 Nach bhfeiceann sé mo bhealaí

Agus nach n-áiríonn sé mo choiscéimeanna?

5 An raibh mé cois ar chois leis an mbreag?

Nó ar sodar i ndiaidh na calaoise?

6 Déanadh sé mé a mheá sa mheá ionraic,

Agus bíodh m’fhíréantacht ar eolas ag Dia!

7 Má chuaigh mo chos i leataobh ón mbealach,

Nó má lean mo dhúil mo shúil,

Nó má thóg mé aon ní i mo ghlac,

8 Go gcuireadsa an síol ach go mbaine duine eile an fómhar;

Go ndéantar mo shliocht a stoitheadh ar shiúl!

9 Má mealladh mé riamh ag bean,

Nó má fhan mé ag faire ag doras mo chomharsan,

10 Go meile mo bhean a phlúr do dhuine eile,

Agus go gcodlaí sí faoi bhraillín nach liomsa.

11 Ba pheaca drúise é sin,

Coir le [díolt ag an dlí],

12 Coir a d’adhnfadh tine a loscfadh go hAbadón.

Agus a dhófadh m’fhómhar go léir.

13 Dá ndiúltóinn do cheart mo dhaoráin

Nó mo dhaoirsí, nuair a bhíodar ag aighneas liom,

14 Cad a dhéanfainn nuair a d’éireodh Dia?

Cad déarfainn nuair a dhéanfadh sé fiosrú?

15 An té a rinne mise sa bhroinn, nach ndearna sé iadsan freisin?

Nach é an [Dia] céanna a rinne sinn go léir i mbolg ár máthar?

16 Ar dhiúltaigh mé don bhocht aon ní a bhí de dhíth air?

Ar chuir mé gruaim ar shúile na baintrí?

17 Ar chaith mé mo chuid bia liom féin,

Gan cuid a thabhairt don dílleachta?

18 Óir bhí [Dia] mar athair agam do m’oiliúint ó m’óige,

Agus threoraigh sé mé ó bhroinn mo mháthar.

19 An bhfaca mé riamh ainniseoir gan éadach,

Nó fear bocht gan bhrat,

20 Agus gan é do mo bheannú ó chroí,

Agus lomra mo chaorach á théamh?

21 Ar ardaigh mé mo lámh in aghaidh an [neamhchiontaigh],

Le barr muiníne as mo dhea-mheas ag an ngeata?

22 Má rinne mé amhlaidh, go dtite mo ghualainn ó mo shlinneán,

Agus go stractar mo ghéag as alt!

23 Óir thiocfadh uafás Dé anuas orm,

Agus ní sheasóinn an fód i láthair a mhórgachta.

24 Ar chuir mé mo mhuinín san ór?

Nó ar dhúirt mé leis an ór fíre: “Is tú mo thaca.”

25 Ar mhaígh mé as flúirse mo mhaoine?

Nó as an raidhse a ghnóthaigh mé i mo ghlac?

26 Nuair a chonaic mé an ghrian ina glóir,

Nó niamh na gealaí ina cúrsa,

27 Ar mealladh mo chroí os íseal

Is gur chaith mé póg ó mo láimh leo?

28 Ba choir é sin leis a bheadh le díolt ag an dlí—

Mé a shéanadh Dé in airde.

29 Ar bhain mé taitneamh as mí-ádh mo namhad,

An ndearna mé lúcháir nuair a bhuail an tubaiste é?

30 Cé nár lig mé do mo theanga aon olc a dhéanamh,

Á mhallachtú nó ag guí dianbhás do.

31 Nár dhúirt lucht mo bhotha:

“An bhfuil aon duine nach bhfuair a sháith dá fheoil?”

32 Níor ghá do dheoraí riamh codladh sa tsráid;

Bhí mo dhoras riamh ar leathadh don [taistealaí].

33 Ar cheil mé riamh mo chionta [ó dhaoine]?

Agus ar chuir mé m’urchóid i bhfolach i mo chliabh?

34 An raibh eagla orm riamh roimh chúlghearradh an phobail

Nó scéin roimh fhonóid ón aon teaghlach?

35 Uch gan [Dia] le héisteacht liom!

Tá deireadh ráite agam, ó A go U; freagraíodh an tUilechumhachtach mé.

36 Nuair a bheidh a scrolla scríofa ag mo chúisitheoir i mo choinne,

Caithfidh mé ar mo ghualainn é,

Nó cuirfidh mé ar mo cheann é mar choróin;

37 Tabharfaidh mé cúntas ar gach beart de mo shaol,

Agus rachaidh mé go fearúil, mar thaoiseach, ina araicis.

38 Má ghlaoigh mo chuid talún i m’aghaidh,

Agus go raibh gach clais ar snámh le deora,

39 Má ith mé a thoradh gan díol as,

Nó má thug mé cúis ghearáin do lucht a shaothraithe,

40 Go bhfása sceacha mar a mbíodh an chruithneacht,

Agus fiailí nimhneacha mar a mbíodh an eorna.

(Sin críoch ar bhriathra Iób.)

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn