Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Salm 27
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
An Bíobla Naofa
Salm 27:1-14

Sailm

Muinín as an Tiarna

Le Dáiví.

27 Is é an Tiarna mo sholas is mo shlánú,

cé a chuirfidh eagla orm?

Is é an Tiarna daingean m’anama;

cé a chuirfidh ar crith mé?

2 Nuair a thugann lucht mallaithe fogha fúm

d’fhonn mo chlú a mhilleadh,

is iad m’eascairde a thiteann ar lár;

baintear tuisle as mo naimhde.

3 Má bhíonn arm in eagar catha i mo choinne

ní bheidh eagla ar mo chroí.

Fiú amháin má bhítear ag cur cogaidh orm

beidh dóchas agam ann.

4 Iarraim aon ní amháin ar an Tiarna;

bím ag tnúth leis de shíor:

go gcónóidh mé in áras an Tiarna

gach lá de mo shaol;

go bhfaighidh mé taitneamh in aoibhneas an Tiarna

’s go bhfeicfidh mé a theampall.

5 Óir cuirfidh sé i bhfolach ina bhoth mé

in am na buartha;

folóidh sé faoi dhídean a phailliúin mé,

ardóidh ar charraig mé.

6 Ardófar mo cheann ar ball

thar mo naimhde i mo thimpeall,

go n-ofrálfaidh mé ina bhothsan istigh

íobairt an áthais.

Canfaidh mé agus ceolfaidh mé don Tiarna.

7 Éist, a Thiarna, le mo ghlór nuair a ghlaoim ort,

freagair, agus fóir orm.

8 Dúirt mo chroí i do thaobhsa:

“Bí ag lorg a ghnúise.”

Bím ag lorg do ghnúise, a Thiarna,

9 ná folaigh d’aghaidh orm.

Ná cuir do ghiolla uait i bhfeirg;

is tú mo chúnamh.

Ná teilg uait mé is ná tréig mé:

a Dhia mo shlánaithe!

10 Má thréigeann fiú m’athair is mo mháthair mé,

glacfaidh an Tiarna liom.

11 Tabhair eolas do shlí dom, a Thiarna,

cuir sa bhóthar réidh mé,

d’ainneoin mo naimhde;

12 agus ná tabhair suas mé a Dhia,

do thoil m’eascairde.

D’éirigh finnéithe falsa i m’éadan,

agus lucht an fhoréigin.

13 Creidim go bhfeicfidh mé maitheas an Tiarna

i dtír na mbeo.

14 Fan leis an Tiarna go meanmnach;

bíodh misneach i do chroí.

Cuir do dhóchas sa Tiarna.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn