Sailm
Dia agus an Dúlra
Do stiúrthóir an chóir. Salm le Dáiví.
19 [19:2] Fógraíonn na spéartha glóir Dé
agus foilsíonn an fhirmimint saothar a lámh.
2 [19:3] Insíonn na laethanta an scéal dá chéile
agus tugann na hoícheannta an t-eolas dá chéile.
3 [19:4] Ní chluintear caint ná canúint ná briathar
4 [19:5] cé go ngabhann a nglór i ngach uile thír
agus a bhfocail go críocha imchiana na cruinne.
Is iontu a chuir sé a bhoth don ghrian
5 [19:6] a thagann mar nuachar amach as a sheomra
ag gairdiú mar ghaiscíoch ag cur chun reatha.
6 [19:7] Tá a thriall amach as teorainn na spéire
agus a iomchuairt thart chun na teorann eile,
agus níl dul óna theas ag aon ní ar bith.
7 [19:8] Tá dlí an Tiarna gan cháim:
athbheonn sé an t-anam.
Is iontaofa í fianaise an Tiarna,
a thugann eagna don fhíréan.
8 [19:9] Is díreach iad forálacha an Tiarna:
cuirid áthas ar an gcroí;
is glan í aithne an Tiarna,
soilsíonn sí na súile.
9 [19:10] Is íon í eagla an Tiarna,
maireann sí go deo;
is fíor iad reachtanna an Tiarna,
táid uile go cóir.
10 [19:11] Is mó is so-mhianaithe iad ná ór,
ná mínór dá ghlaine;
agus is milse iad ná mil,
ná mil ar sileadh ón gcíor.
11 [19:12] Múineann siad eolas do do ghiolla;
is cúis luaíochta a gcomhlíonadh.
12 [19:13] Cé a fhéadfaidh a earráidí a aithint?
ná leag orm mo pheacaí folaigh.
13 [19:14] Caomhnaigh do ghiolla ar an uabhar
sula bhfaighe sé mo bhua;
Ansin is ea a bheidh mé gan smál
agus saor ó thrompheaca.
14 [19:15] Go raibh briathra uile mo bhéil
agus smaointe mo chroí
taitneamhach leatsa, a Thiarna,
a charraig liom, is a shlánaitheoir.