Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Matha 17
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
  • 21
  • 22
  • 23
  • 24
  • 25
  • 26
  • 27
An Bíobla Naofa
Matha 17:1-27

Matha

17 Sé lá ina dhiaidh sin, rug Íosa leis Peadar, Séamas agus a dheartháir Eoin, agus sheol sé suas iad sliabh ard ar leithligh. 2 Agus tháinig claochlú air os comhair a súl: shoilsigh a ghnúis ar nós na gréine agus d’éirigh a chuid éadaigh chomh gléigeal leis an solas. 3 Agus chonacthas dóibh Maois agus Éilias ag comhrá leis. 4 Labhair Peadar: “A Thiarna,” ar seisean le hÍosa, “is maith mar tharla anseo sinn: más maith leat é, déanfaidh mé trí bothanna san áit seo, ceann duit féin, ceann do Mhaois agus ceann d’Éilias.” 5 Sula raibh an focal as a bhéal, seo scamall solasmhar ina scáil anuas orthu, agus an glór as an scamall: “Is é seo mo Mhac muirneach dár thug mé gnaoi; éistigí leis.” 6 Agus le foghar an ghlóir sin, chaith na deisceabail iad féin ar a mbéal, lán d’uamhan. 7 Tháinig Íosa chucu agus leag a lámh orthu: “Éirígí,” ar seisean; “ná bíodh eagla oraibh.” 8 Ar dhearcadh suas dóibh, ní raibh neach ar bith le feiceáil acu ach Íosa féin amháin. 9 Agus ar a slí anuas dóibh ón sliabh, thug Íosa ordú dóibh: “Ná labhraigí le duine ar bith faoin bhfís seo,” ar seisean, “nó go mbeidh Mac an Duine éirithe ó mhairbh.” 10 Ach chuir a dheisceabail ceist air: “Cad é seo a deir na scríobhaithe, más ea, go gcaithfidh Éilias teacht ar dtús?” 11 Ba é freagra a thug Íosa: “Sea, tá Éilias le teacht agus an uile ní a chur ina cheart arís. 12 Ach deirim libh: tá Éilias tagtha cheana agus níor aithin siad é, ach a dtoil féin a imirt air. Agus ní taise do Mhac an Duine é, a mbeidh le fulaingt aige sin uathu freisin.” 13 Thuig na deisceabail ansin gur chun Eoin Baiste a bhí sé ina chomhrá leo.

14 Ar fhilleadh chun an tslua dóibh, tháinig fear ina airicis, chuaigh ar a dhá ghlúin 15 agus dúirt: “A Thiarna, déan trócaire ar mo mhac, mar tá an titimeas air agus é an-dona: titeann sé isteach sa tine go minic agus san uisce go minic freisin; 16 agus thugas chun do chuid deisceabal é ach ní fhéadfaidís é leigheas.” 17 D’fhreagair Íosa agus dúirt: “Ó a ghlúin dhíchreidmheach chlaon, cá fhad a bheidh mé faraibh? Cá fhad a bheidh mé ag cur suas libh? Tugaigí chugam anseo é.” 18 Labhair Íosa go bagrach leis, agus chuaigh an deamhan amach as agus bhí an t-ógánach leigheasta ón noiméad sin. 19 Ina dhiaidh sin tháinig na deisceabail ag caint le hÍosa os íseal: “Cén fáth nárbh fhéidir dúinne é chaitheamh amach?” 20 Dúirt sé leo: “De dheasca a laghad creidimh a bhí agaibh. Óir deirim libh go fírinneach: má bhíonn oiread an ghráinne síol mustaird de chreideamh agaibh, féadfaidh sibh a rá leis an sliabh seo: ‘Aistrigh as seo anonn’, agus aistreoidh, agus ní bheidh rud ar bith a rachaidh díbh. 21 (An sórt seo, áfach, ní théann sé amach ach amháin trí ghuí agus trí throscadh.)”

22 Bhí siad i gcuideachta a chéile sa Ghailíl nuair a dúirt Íosa leo: “Titfidh sé amach go dtabharfar Mac an Duine ar láimh do dhaoine, 23 go gcuirfidh siad chun báis é agus go n-éireoidh sé an treas lá.” Agus ghabh buaireamh mór iad.

24 Ar theacht isteach i gCafarnáum dóibh, tháinig lucht bailithe an dá dhrachma ag triall ar Pheadar agus dúirt siad leis: “Nach n-íocann bhur máistir an dá dhrachma?” ar siad. 25 “Íocann,” ar seisean. Ach ar dhul isteach sa teach dó, bhain Íosa tosach an scéil de á rá leis: “Do bharúilse, a Shiomóin: cé uathu a dtobhann prionsaí an tsaoil seo cíos nó cáin—an óna gclann féin nó ó choimhthígh?” 26 Nuair a dúirt sé gur ó choimhthígh, dúirt Íosa leis: “Dá réir sin, tá an chlann saor. 27 Ach le heagla go dtabharfaimis scannal do na daoine seo, téigh síos chun na farraige agus caith amach duán, agus an chéad iasc a thiocfaidh aníos tóg é agus nuair a osclóidh tú a bhéal gheobhaidh tú státar ann. Tóg é sin agus íoc leo mo tháillese agus do tháille féin.”

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn