Íseáia
61 Tá spiorad an Tiarna Dia orm
de bhrí go ndearna an Tiarna mé a choisreacan,
chun dea-scéala a bhreith liom chuig na dearóile,
chun cóir leighis a chur ar chroíthe brúite,
chun cead a gcos a fhógairt do na cimí
agus fuascailt do phríosúnaigh;
2 chun bliain logha a fhógairt thar ceann an Tiarna,
agus lá díoltais dár nDia;
chun sólás a thabhairt do lucht an dobróin
3 agus bláthfhleasc in ionad luaithrigh,
ola na lúcháire in ionad éide an bhróin,
moladh in ionad éadóchais.
Goirfear dóibh Crainn na Córa,
a chuir an Tiarna i dtalamh ar mhaithe lena ghlóir.
4 Tógfaidh siad suas arís na fothracha ársa,
beidh siad ag foirgniú ar bhallóga an tseanama;
deiseoidh siad na cathracha creachta
agus na ballóga atá uaigneach leis na cianta.
5 Beidh eachtrannaigh ag buachailleacht bhur dtréada daoibh,
agus coimhthígh ag saothrú bhur dtalaimh agus bhur bhfíniúna.
6 Ach goirfear daoibhse sagairt an Tiarna
agus tabharfar oraibh lucht freastail ár nDé.
Beidh saibhreas na gciníocha agaibh le caitheamh
agus a maoin ar fad faoi réir agaibh.
7 Ó tharla go bhfuair mo mhuintir a dhá oiread náire
agus gur masla agus magadh a tháinig ar a gcrann,
gheobhaidh siad a dhá oiread rathúnais ina dtír féin
agus lúcháir shíoraí atá i ndán dóibh.
8 Óir mise, an Tiarna, is ionúin liom an ceart
agus is gráin liom slad agus éagóir.
Tabharfaidh mé a luach saothair dóibh go dílis,
agus déanfaidh mé conradh síoraí leo.
9 Beidh cáil ar a sliocht os comhair na gciníocha
agus ar shliocht a sleachta i measc na náisiún.
Admhóidh gach aon dá bhfeiceann iad
gur cine iad atá beannaithe ag an Tiarna.
10 “Gáirim le gairdeas sa Tiarna,
tá lúcháir ar m’anam i mo Dhia.
Óir chuir sé an slánú umam ina éadach,
rinne sé mé a chuachadh i mbrat na fíréantachta,
ar nós buachaill óg ag cur bláthfhleasc air chun a phósta
nó brídeach á maisiú féin lena seoda.
11 Óir, mar a chuireann an talamh aníos a gheamhair,
ar nós gairdín ag geamhrú ón síolchur,
is amhlaidh a chuirfidh an Tiarna Dia aníos mar gheamhar
fíréantacht agus moladh i bhfianaise na gciníocha go léir.”