Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • 1 Corantaigh 3
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
  • 21
  • 22
  • 23
An Bíobla Naofa
1 Corantaigh 3:1-23

1 Corantaigh

3 I dtaca liom féin de, a bhráithre, níorbh fhéidir dom labhairt libh mar dhaoine spioradálta ach mar dhaoine collaí, mar naíonáin i gCríost. 2 Is bainne a thug mé daoibh le hól in áit an bhia thirim toisc nach raibh sibh in inmhe; go deimhin níl sibh in inmhe fós féin 3 de bhrí go bhfuil sibh collaí go fóill. Fad atá éad agus achrann eadraibh nach daoine collaí atá ionaibh agus sibh do bhur n-iompar féin de réir ghnás an tsaoil? 4 Nuair a bhíonn “leanaimse Pól” ag duine agus “leanaimse Apollós” ag duine eile nach de ghnáthmhuintir an tsaoil sibh? 5 Céard é Apollós nó céard é Pól? Níl iontu ach na seirbhísigh trínar chreid sibh, gach duine acu mar a dháil an Tiarna air: 6 mise a chuir an síol, Apollós a chuir an t-uisce leis ach is é Dia a chuir ag fás é. 7 Ní hiad an síoladóir, mar sin, ná an t-uiscitheoir, ar fiú iad aon ní ach Dia amháin, a chuireann an síol ag fás. 8 Is é an dá mhar a chéile iad an síoladóir agus an t-uiscitheoir ach cúiteofar a shaothar féin le gach duine acu.

9 Comhoibrithe le Dia atá ionainne agus gort Dé, foirgneamh Dé, is ea sibhse. 10 De réir an ghrásta a thug Dia dom, leag mise an bhunsraith mar a dhéanfadh an t-ardsaor oilte agus fear eile atá ag tógáil uirthi. Faireadh gach duine a chuid tógála féin áfach, 11 mar ní féidir d’aon duine bunsraith eile a leagan ach an ceann atá thíos cheana féin, agus is é Íosa Críost an bhunsraith sin. 12 Cibé duine a dhéanfaidh tógáil ar an mbunsraith sin, úsáideadh sé ór, airgead nó clocha lómhara, adhmad, féar nó tuí, 13 beidh saothar cách soiléir le feiceáil; mar nochtfaidh an Lá é; mar nochtfar é sa lasair agus tástálfaidh an lasair cén sort oibre a bheidh déanta ag cách. 14 Má sheasann saothar tógála duine an triail, gheobhaidh sé a thuarastal; 15 ach má loisctear saothar duine, fágfar gan díol é; tiocfaidh sé féin slán, áfach, mar dhuine a bheadh gafa trí thine.

16 Nach dtuigeann sibh, a bhráithre, gur teampall Dé sibh agus go bhfuil Spiorad Dé ina chónaí ionaibh. 17 Duine ar bith a mhilleann teampall Dé, millfidh Dia eisean, mar is naofa é teampall Dé—agus is sibhse an teampall sin. 18 Ná bíodh aon dul amú ar aon duine; aon duine agaibh a áiríonn é féin a bheith eagnaí de réir ghnás an tsaoil seo, bíodh sé ina amadán le go mbeadh sé eagnaí dáiríre. 19 Mar níl in eagna an tsaoil seo ach díth céille i bhfianaise Dé, mar tá scríofa: “Sáinníonn sé na saoithe ina gcuid glicis féin”; 20 agus arís: “Is eol don Tiarna smaointe na saoithe a bheith baoth.” 21 Dá réir sin, ná bíodh duine ar bith ag déanamh mórtais as daoine, mar is libhse an t-iomlán: 22 Pól agus Apollós agus Céafas, an domhan, an bheatha agus an bás, a bhfuil ann agus a bhfuil le teacht—is libhse iad uile, 23 agus is le Críost sibhse agus is le Dia Críost.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn