Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Salm 39
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
An Bíobla Naofa
Salm 39:1-13

Sailm

“Grásta na Foighne in aghaidh na hÉagóra”

Do stiúrthóir an chóir, .i. do “Iduthun”. Salm le Dáiví.

39 [39:2] Dúirt mé: “Tabharfaidh mé aire do mo shlite

sula ndéana mé peaca le mo theanga.

Cuirfidh mé srian le mo bhéal

nuair a bheidh an t-éagráifeach os mo choinne.”

2 [39:3] Bhí mé balbh agus d’fhan mé i mo thost,

bhí éad orm de dheasca a rathúnais.

3 [39:4] Bhí mo chroí go te ionam istigh;

las tine de bhladhm ar mo mhachnamh dom,

agus leis sin labhair mo theanga.

4 [39:5] Foilsigh dom, a Thiarna, mo chríoch dhéanach,

nocht dom líon mo laethanta,

ionas gurab eol dom neamhbhuaine an tsaoil.

5 [39:6] Is gairid an seal a thug tú dom,

is neamhní mo ré shaoil i d’fhianaise.

Níl i neach dá maireann ach puth anála

6 [39:7] agus gabhann an duine seacha mar scáil.

Gal gaoithe a shaibhreas go léir;

ní fios dó cé a gheobhaidh ar chruinnigh sé.

7 [39:8] Cad fáth dom bheith ag feitheamh, a Thiarna?

is ionat atá mo dhóchas ar fad.

8 [39:9] Saor mé ó mo chionta go léir,

ná tabhair mé mar cheap magaidh don amadán.

9 [39:10] Bhí mé i mo thost; níor oscail mé mo bhéal

de bhrí gur tusa faoi deara é.

10 [39:11] Tóg uaim anois do sciúirse;

tá mé cloíte ag buillí do láimhe.

11 [39:12] An uair a smachtaíonn tú an duine

le hachasán i ngeall ar a pheaca

leánn tú mar leamhan an ní is luachmhar leis;

níl in aon neach ar bith ach puth anála.

12 [39:13] Éist le mo ghuí agus le m’urnaí, a Thiarna,

ná tabhair cluas bhodhar do mo ghlao.

Óir is aoi mé atá ag baint fúm agatsa

i m’oilithreach ar nós m’aithreacha go léir.

13 [39:14] Lig dom, go bhfaighe mé aoibhneas

sula dté mé faoi dheoidh ar ceal coiteann.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn