Sailm
“Grásta na Foighne in aghaidh na hÉagóra”
Do stiúrthóir an chóir, .i. do “Iduthun”. Salm le Dáiví.
39 [39:2] Dúirt mé: “Tabharfaidh mé aire do mo shlite
sula ndéana mé peaca le mo theanga.
Cuirfidh mé srian le mo bhéal
nuair a bheidh an t-éagráifeach os mo choinne.”
2 [39:3] Bhí mé balbh agus d’fhan mé i mo thost,
bhí éad orm de dheasca a rathúnais.
3 [39:4] Bhí mo chroí go te ionam istigh;
las tine de bhladhm ar mo mhachnamh dom,
agus leis sin labhair mo theanga.
4 [39:5] Foilsigh dom, a Thiarna, mo chríoch dhéanach,
nocht dom líon mo laethanta,
ionas gurab eol dom neamhbhuaine an tsaoil.
5 [39:6] Is gairid an seal a thug tú dom,
is neamhní mo ré shaoil i d’fhianaise.
Níl i neach dá maireann ach puth anála
6 [39:7] agus gabhann an duine seacha mar scáil.
Gal gaoithe a shaibhreas go léir;
ní fios dó cé a gheobhaidh ar chruinnigh sé.
7 [39:8] Cad fáth dom bheith ag feitheamh, a Thiarna?
is ionat atá mo dhóchas ar fad.
8 [39:9] Saor mé ó mo chionta go léir,
ná tabhair mé mar cheap magaidh don amadán.
9 [39:10] Bhí mé i mo thost; níor oscail mé mo bhéal
de bhrí gur tusa faoi deara é.
10 [39:11] Tóg uaim anois do sciúirse;
tá mé cloíte ag buillí do láimhe.
11 [39:12] An uair a smachtaíonn tú an duine
le hachasán i ngeall ar a pheaca
leánn tú mar leamhan an ní is luachmhar leis;
níl in aon neach ar bith ach puth anála.
12 [39:13] Éist le mo ghuí agus le m’urnaí, a Thiarna,
ná tabhair cluas bhodhar do mo ghlao.
Óir is aoi mé atá ag baint fúm agatsa
i m’oilithreach ar nós m’aithreacha go léir.
13 [39:14] Lig dom, go bhfaighe mé aoibhneas
sula dté mé faoi dheoidh ar ceal coiteann.