Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Salm 18
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
  • 21
  • 22
  • 23
  • 24
  • 25
  • 26
  • 27
  • 28
  • 29
  • 30
  • 31
  • 32
  • 33
  • 34
  • 35
  • 36
  • 37
  • 38
  • 39
  • 40
  • 41
  • 42
  • 43
  • 44
  • 45
  • 46
  • 47
  • 48
  • 49
  • 50
An Bíobla Naofa
Salm 18:1-50

Sailm

Amhrán Buíochais agus Molta

Do stiúrthóir an chóir. Dáiví, giolla an Tiarna, a dúirt briathra an amhráin seo leis an Tiarna an uair a shaor an Tiarna é ó chumhacht a naimhde uile agus ó láimh Shóil. Dúirt sé:

18 [18:2] Mó ghrá thú, a Thiarna, mo neart thú,

2 [18:3] mo charraig thú, mo dhaingean is mo shlánaitheoir.

Mo Dhia thú, mo charraig is dídean dom,

mo sciath, adharc mo shlánaithe, mo dhún.

3 [18:4] Glaoim ar an Tiarna dár dleacht moladh,

agus déantar mo shaoradh ó mo naimhde.

4 [18:5] Tháinig tonnta an bháis i mo thimpeall

agus scanraigh tuilte na hurchóide mé.

5 [18:6] Chrioslaigh cuibhreacha Sheól mé,

chuaigh mé in achrann i líonta an éaga.

6 [18:7] Scairt mé ar an Tiarna i mo ghátar,

agus d’iarr mé cúnamh ar mo Dhia

Chuala sé mo ghlór ina theampall,

agus ráinig mo ghlao a chluasa.

7 [18:8] Chrith an talamh agus suaitheadh é

agus corraíodh fothaí na sléibhte

toisc go raibh sé ar lasadh le barr feirge.

8 [18:9] D’éirigh deatach as polláirí a shróine,

agus tine dheargloiscneach as a bhéal,

ionas gur adhnadh leis sméaróidí dearga.

9 [18:10] D’ísligh sé na spéartha agus thuirling sé,

agus néal dubh dorcha faoina chosa.

10 [18:11] Tháinig sé ag marcaíocht ar cheiribín

agus é ag eitilt ar eiteoga na gaoithe.

11 [18:12] Chuir sé uime an dorchacht mar éadach,

uiscí dorcha is dlúthnéalta ba phuball dó.

12 [18:13] As an ngile agus na néalta a bhí uime

tháinig clocha sneachta agus splancacha tine.

13 [18:14] Bhí an Tiarna ag déanamh toirní sna spéartha,

agus thug an Té is Airde a ghlór uaidh.

14 [18:15] Scaoil sé a shaigheada agus scaip iad,

agus chaith a chaora tine gur threascair iad.

15 [18:16] Bhí foinsí na farraige le feiceáil

agus nochtadh fothaí na cruinne

de thoradh do bhagartha, a Thiarna,

de thoradh sí gaoithe do chuid feirge.

16 [18:17] Shín sé anuas agus rug orm,

agus tharraing as na tuilte móra mé.

17 [18:18] Shaor sé mé ón namhaid a bhí róláidir dom

ó lucht m’fhuatha ba threise ná mé.

18 [18:19] D’ionsaíodar mé lá mo thubaiste,

ach tharla an Tiarna ina thaca dom.

19 [18:20] Sheol sé amach in áit fhairsing mé,

do mo tharrtháil as ucht a ghrá dom.

20 [18:21] Chúitigh an Tiarna m’fhíréantacht liom;

thug luach saothair dom de réir glaine mo lámh,

21 [18:22] toisc gur choinnigh mé slite an Tiarna

is nár imigh mé uaidh ar seachrán.

22 [18:23] Bhí a bhreithiúnais go léir os mo choinne,

is níor chuir mé a reachtanna i leataobh uaim.

23 [18:24] Ach mhair mé gan cháim ina láthair,

agus choimeádas mé féin ón gcoirpeacht.

24 [18:25] Agus chúitigh an Tiarna m’fhíréantacht liom

de réir glaine mo lámh ina láthair.

25 [18:26] Is dílis tú don duine dílis,

is ionraic tú leis an duine ionraic.

26 [18:27] Is glan tú le lucht na glaine,

agus glic le lucht an ghlicis.

27 [18:28] Óir saorfaidh tú lucht na huirísle

ach umhlóidh tú lucht an díomais.

28 [18:29] Is tusa, a Thiarna, mo lóchrann,

mo Dhia thú, a shoilsíonn mo dhorchacht.

29 [18:30] Is tríotsa a bhearnaím na sluaite;

le cabhair Dé a ghabhaim de léim thar balla.

30 [18:31] Tá slí Dé gan mháchail,

tá briathar an Tiarna arna phromhadh.

Is é is sciath go dearfa

do chách a thriallann chuige.

31 [18:32] Óir cé eile is Dia ann ach an Tiarna?

Cé eile is carraig ann seachas ár nDia?

32 [18:33] An Dia a chrioslaigh mé le calmacht

agus a rinne mo bhealach sábháilte;

33 [18:34] a thug luas na heilite do mo chosa

agus a chuir i mo sheasamh go daingean ar na harda mé.

34 [18:35] D’oil sé mo lámh chun cogaidh

is mo chuisle chun bogha práis a theannadh.

35 [18:36] Thug tú dom sciath do shlánaithe

agus choinnigh do dheaslámh go daingean mé.

36 [18:37] Réitigh tú an tslí do mo chéimeanna,

ionas nár shleamhnaigh mo chosa.

37 [18:38] Chuaigh mé sa tóir ar mo naimhde: tháinig mé suas leo,

agus níor chas mé go ndearna mé a scriosadh.

38 [18:39] Rinne mé a mbualadh ionas nach bhféadfaidís éirí

agus thit siad ar lár faoi mo chosa.

39 [18:40] Chrioslaigh tú le neart mé chun catha,

agus threascair tú an dream a bhí i m’éadan.

40 [18:41] Chuir tú ruaig is raon maidhme ar mo naimhde

agus mhill tú an drong a thug fuath dom.

41 [18:42] Scairt siad – ní raibh fear a dtarrthála ann:

bhí sé fuar acu glaoch ar an Tiarna.

42 [18:43] Ar nós na luaithe roimh an ngaoth a mheil mé iad,

á gcosaráil amhail salachar na sráide.

43 [18:44] Tharrthaigh tú mé ó choimhlintí an phobail

agus chuir tú os cionn na náisiún mé;

rinne pobal nárbh eol dom fónamh dom,

44 [18:45] an túisce ba chlos dóibh ghéill siad.

Tháinig na heachtrannaigh ag lútáil liom,

45 [18:46] mheathlaigh na náisiúin iasachta:

tháinig siad as a ndaingne go critheaglach.

46 [18:47] Go maire an Tiarna! gura beannaithe mo charraig!

go raibh Dia mo shlánaitheoir á mhóradh;

47 [18:48] an Dia a bhain díoltas amach dom

agus a chuir na ciníocha faoi mo smacht,

48 [18:49] a rinne mo shaoradh ó mo naimhde

agus a d’ardaigh mé os cionn m’eascairde,

agus a sciob mé ó lucht an éigin.

49 [18:50] Ar an ábhar sin tabharfaidh mé moladh duit

i measc na náisiún, a Thiarna:

agus canfaidh mé Salm do d’ainm;

50 [18:51] óir thug tú cathréimeanna do do rí,

agus nocht tú do ghrá do d’ungthach,

do Dháiví agus dá shliocht go brách.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn