Íseáia
2 Fís Íseáia mhic Ámóz i dtaobh Iúdá agus Iarúsailéim.
2 Titfidh sé amach san am atá le teacht
go mbeidh an sliabh a bhfuil teach an Tiarna air
os cionn na sléibhte,
agus go dtógfar níos airde ná na cnoic é.
Tiocfaidh na ciníocha go léir ina sruth go dtí é;
3 is iomaí pobal a rachaidh ann agus a déarfaidh:
“Seo linn, téimis suas go sliabh an Tiarna
go teach Dhia Iacóib,
chun go múine sé dúinn a shlite
agus go siúlaimis a bhealaí.”
Óir ó Shíón rachaidh an dlí amach,
agus ó Iarúsailéim briathar an Tiarna.
4 Beidh smacht aige ar na ciníocha
agus déanfaidh sé réiteach idir an iomad pobal,
agus buailfidh siad a gclaímhte amach ina soic chéachta
agus a sleánna ina gcorráin.
Ní thógfaidh na ciníocha an claíomh in aghaidh a chéile a thuilleadh
ná ní chleachtfaidh siad cogadh níos mó.
5 A theaghlach Iacóib, tagaigí,
agus siúlaimis i solas an Tiarna!
6 Is ea, dhiúltaigh tú do do phobal,
do mhuintir Iacóib;
tá an tír lán le lucht feasa,
agus le draíodóirí ar nós na bhFilistíneach;
agus bítear ag bualadh boise le heachtrannaigh.
7 Tá a ndúiche lán airgid agus óir
agus níl deireadh go deo lena dtaiscí;
tá a ndúiche lán de chapaill
agus níl deireadh lena gcarbaid;
8 tá a dtír lán de dhéithe bréige ...
Sléachtann siad go talamh i láthair saothar a lámh féin;
os comhair an rud a dhealbhaigh a méara féin.
9 Ísleofar an duine, tabharfar céim síos don duine;
ná maith dóibh é.
10 Imigh leat i measc na n-ailteanna,
gabh i bhfolach sa láib,
ar aghaidh scéin an Tiarna
agus maise a mhórgachta,
nuair a éiríonn sé
chun an talamh a chroitheadh.
11 Beidh ceann faoi ar an uabhar daonna;
ísleofar díomas an duine.
Is é an Tiarna amháin a ardófar, an lá sin.
12 Sea, lá Thiarna na Slua a bheidh ann,
i gcoinne an uile uabhair agus dhíomais,
i gcoinne an uile ghradaim, chun a bhascadh,
13 i gcoinne chéadras na Liobáine go léir
agus chrann darach Bháiseán go léir,
14 i gcoinne na sléibhte buacacha ar fad
agus na gcnocán ard ar fad,
15 i gcoinne na dtúr ard uile
agus na mbábhún crioslaithe uile
16 i gcoinne loingeas Thairsís go léir
agus a n-earraí luachmhara go léir ...
17 Ísleofar an t-uabhar daonna,
tabharfar béim síos do dhíomas an duine.
Is é an Tiarna amháin a ardófar, an lá sin,
18 agus caithfear síos na déithe bréige go léir.
19 Imígí libh faoi scailpeacha na gcarraig,
isteach i bpluaiseanna an talaimh,
ar aghaidh scéin an Tiarna
agus maise a mhórgachta,
nuair a éiríonn sé
chun an talamh a chroitheadh.
20 An lá sin, caithfidh an duine chuig na caocháin agus chuig na sciatháin leathair na híola airgid agus na híola óir a dhealbhaigh sé dó féin lena n-adhradh,
21 nuair a rachaidh sé a lorg dídine i ngága na gcarraig
agus i scoilteanna na n-ailteanna
ar aghaidh scéin an Tiarna
agus maise a mhórgachta,
nuair a éiríonn sé
chun an talamh a chroitheadh.
22 Ná bíodh do mhuinín sa duine a thuilleadh,
nach bhfuil ach puth ghaoithe ina pholláirí.
Cén luach a chuirfí síos dó?