Seanfhocail
31 Briathra Lamúéil rí Mhasá, a mhúin a mháthair dó.
2 Céard é seo, a mhic? Céard é seo, a mhic mo bhroinne?
Céard é seo, a mhic mo mhóideanna?
3 Ná caith do neart go léir le mná,
ná do [leasracha] leis an lucht millte ríthe seo.
4 Ní dual do ríthe, a Lamúéil,
ní dual do ríthe fíon a ól,
ná do fhlatha bheith tugtha do dheoch chrua.
5 Le heagla go ndéanfaidís dearmad le barr óil, ar gach a reachtaíodh,
agus satailt ar chearta na n-ainniseoirí.
6 Tabhair deoch chrua don té atá ag saothrú an bháis,
agus fíon don chroí atá lán de dhomlas;
7 Ólaidís agus déanaidís dearmad ar a dtubaiste,
agus ná cuimhnídís ar a n-ainnise a thuilleadh.
8 Oscail féin do bhéal ar son an bhalbháin,
agus ar son chearta cách atá treigthe.
9 Labhair féin! tabhair breith chóir!
cosain cearta na mbocht, agus na ndealbh.
10 Bean chéile gan cháim, cé ar féidir leis í a fháil?
Is luachmhaire í ná péarlaí.
11 Is inti a chuireann a fear a mhuinín go léir,
agus ní bheidh aon cheal brabaigh air dá barr.
12 Ní dochar ach sochar a dhéanfaidh sí dó
ar feadh a saoil.
13 Lorgann sí olann agus líon,
agus oibríonn sí go dícheallach lena lámha.
14 Is geall le hárthach ceannaí í
agus í ag tabhairt a cuid bia ón imigéin.
15 Déanann sí mochóirí roimh lá
agus tugann bia dá teaghlach,
agus riarann a gcúraimí ar a cuid ionailtí.
16 Déanann sí gort a iniúchadh agus é a cheannach;
cuireann sí fíonghort lena mbíonn saothraithe aici lena lámha.
17 Cuireann sí a neart mar chrios faoina coim,
agus taispeánann fuinneamh a géag.
18 Feiceann sí gur maith is fiú é a saothar
agus ní mhúchtar a lampa san oíche.
19 Coinníonn sí an coigeal ina láimh
agus beireann a méireanna ar an bhfearsad.
20 Caitheann sí go fial leis an duine dearóil,
agus tugann sí déirc don duine bocht.
21 Ní eagla léi sneachta a theacht ar a teaghlach,
mar go bhfuil éadach [cluthair] ar a seirbhísigh go léir.
22 Déanann sí a cuilteanna féin,
agus bíonn línéadach mín agus éidí corcra uimpi.
23 Bíonn a fear céile faoi dhea-mheas ag geataí na cathrach,
nuair a shuíonn sé i gcomhluadar sheanóirí na tíre.
24 Déanann sí braillíní a fhí agus a dhíol,
agus tugann sí criosanna don cheannaí.
25 Bíonn neart agus dínit mar bhrat uimpi,
agus ní cás di gáire faoin lá amárach.
26 Nuair a osclaíonn sí a béal, déanann sí é le stuaim;
agus tá teagasc caoin ar a beola.
27 Coimeádann sí súil ghéar ar a teaghlach,
ní chaitheann sí bia an díomhaointis.
28 Éiríonn a clann ina seasamh, agus fógraíonn siad gur méanar di;
canann a fear céile moladh di:
29 “Rinne mórán ban éachtaí atá le moladh
ach sáraíonn tusa iad go léir.”
30 Is mealltach í an scéimh, agus is neamhbhuan í an áilleacht;
is don bhean ar a bhfuil eagla an Tiarna is dual moladh.
31 Tugaigí di toradh a saothair,
agus moladh a gníomhartha í ag geataí na cathrach.