Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Cóheilit 7
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
  • 21
  • 22
  • 23
  • 24
  • 25
  • 26
  • 27
  • 28
  • 29
An Bíobla Naofa
Cóheilit 7:1-29

Cóheilit

7 Is fearr dea-ainm ná dea-ola agus lá báis ná lá breithe. 2 Is fearr dul go dtí teach an chaointe ná teach na coirme, mar is é an bás is críoch do chách agus is cóir do na beo meabhrú go maith air sin. 3 Is fearr gol ná gaire mar is fearrde an croí gnúis ghruama. 4 Bíonn croí an eagnaí i dteach an chaointe agus croí an amadáin i dteach an tsuilt. 5 Is fearr éisteacht le cáineadh eagnaí ná le hamhrán amadáin. 6 Tá gáire an ghamail cosúil le brioscarnach brosna faoi chorcán; baois is ea é seo chomh maith. 7 Óir déanann ansmacht amadán den eagnaí agus truaillíonn breab an croí. 8 Is fearr deireadh scéil na a thosach agus is fearr an fhoighne ná an t-uabhar. 9 Ná bí teasaí taghdach, mar is in ucht amadáin a lonnaíonn an fhearg. 10 Ná habair: “Cén fáth a raibh an seansaol níos fearr ná an saol atá ann anois?” Óir, níor chríonna an mhaise duit a leithéid de cheist a chur. 11 Eagna agus oidhreacht le chéile, is maith an ní é sin agus téann sé ar sochar don mhuintir a fheiceann an ghrian. 12 Tá cosaint na heagna cosúil le cosaint an airgid ach is é an tairbhe atá le baint as an eolas go gcosnaíonn an eagna beo na ndaoine a bhfuil sí acu.

13 Breathnaigh ar obair Dé; cé hé ar féidir dó a bhfuil camtha aige a dhíriú? 14 Ar lá an tsonais déan gairdeas ach ar lá an donais déan machnamh air seo: tá Dia tar éis an lá sona a dhéanamh agus an lá dona freisin i dtreo nach mbeidh aon chúis ghearáin ag an duine ina aghaidh.

15 Le linn mo bheatha díomhaoine chonaic mé an uile chineál nithe: fíréan á scrios d’ainneoin a chuid fíréantachta agus saol fada ag an drochdhuine d’ainneoin a chuid mailíse. 16 Ná bí rofhíréanta ná róchríonna ach oiread. Cén fáth a millfeá thú féin? 17 Ná bí ró-olc ná ró-amaideach ach oiread. Cén fáth a bhfaighfeá bás anabaí? 18 Is maith an rud é cloí le ceann amháin de na prionsabail seo ach gan neamhaird a thabhairt ar an gceann eile; óir an duine a bhfuil eagla Dé air comhlíonann sé a dhualgas ar gach bealach. 19 De bharr a chuid eagna is láidre an t-eagnaí ná deichniúr rialtóir cathrach. 20 Ar an taobh eile dhe níl duine ar domhan chomh fíréanta sin go ndéanann sé an mhaith i gcónaí agus nach ndéanann sé peaca in aon chor. 21 Rud eile de, ná tabhair aird ar gach focal a labhraítear ar eagla go gcloisfeá do shearbhónta do do cháineadh. 22 Óir is maith atá a fhios agat gur cháin tú féin daoine eile go minic. 23 Rinne mé na nithe seo uile a thástáil le barr eagna, á rá: “Is rún dom an eagna a fháil” ach bhí sé thar m’acmhainn. 24 Gach ní dar tháinig ann is fada uainn é agus is é atá go domhain diamhair; cé hé ar féidir dó é a thuiscint? 25 Leag mé m’intinn ar an eagna agus ar an gcruinnmheastóireacht faoi chúrsaí an tsaoil a thuiscint agus a thaighde agus a thóraíocht agus d’aithin mé gur díth céille í an mhailís agus gur deargbhuile í an amaidí.

26 Aithním gur seirbhe ná an bás an bhean a bhfuil a croí lán de ghaistí agus de dhola agus is laincisí a lámha; an fear atá taitneamhach le Dia éalaíonn sé uaithi ach gabhfaidh sí an peacach. 27 Féach, a deir Cóheilit, tar éis dom an cheist a chíoradh, céim ar chéim, chun réiteach a fháil uirthi ar deireadh thiar fuair mé é seo amach— 28 eolas, dar ndóigh, a bhí á lorg agam le fada ach go raibh teipthe orm é a fháil—aon fhear macánta amháin a fuair mé i míle fear ach theip orm go fiú aon dea-bhean amháin a fháil sa líon céanna ban. 29 Féach, is é seo an t-aon ní amháin a fuair mé amach: is díreach a rinne Dia na daoine ach is iomaí cleas a tharraingíonn siad chucu féin.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn