Cóheilit
12 Cuimhnigh ar do chruthaitheoir le linn d’óige,
sula dtaga na drochlaethanta,
agus go ndruide blianta na seanaoise leat,
a ndéarfaidh tú fúthu: “Ní bhainim aon sásamh astu”;
2 sula ndorchaítear ar an ngrian agus ar sholas an lae,
ar an ngealach agus ar na réaltaí,
agus sula bhfille na néalta tar éis na fearthainne;
3 nuair a bhíonn coimeádaithe an tí ar crith
agus na fir láidre cromtha síos;
nuair a stadann na meilteoirí mná den obair
de bhrí nach bhfuil ach roinnt bheag díobh ann;
nuair nach bhfeictear níos mó an bhantracht
a bhíodh ag féachaint amach an fhuinneog;
4 nuair a dhúntar doirse na sráide
agus go dtéann glór an mhuilinn in isle brí;
nuair a bhíonn guth na héanlaithe [ina thost]
agus nach gcloistear na héin cheoil níos mo;
5 nuair a bhíonn eagla ar dhuine roimh arda
agus scanradh air siúl sa tsraid;
nuair a bhíonn an crann almóinne faoi bhláth
agus an dreoilín teaspaigh ag éirí malltriallach
agus caor na cupraisce gan éifeacht;
óir tá an duine ag triall ar an áitreabh síoraí
agus siúlann na caointeoirí mórthimpeall na sráideanna;
6 sula ngearrtar an corda airgid
agus go ndéantar smidiríní den bhabhla óir;
sula mbristear an crúiscín ag an tobar
agus go scaoiltear an roth ar an bhfuarán;
7 sula bhfille an deannach ar an talamh mar a raibh sé tráth
agus anáil na beatha ar Dhia a bhronn í.
8 Baois na baoise, a deir Cóheilit; níl in aon ní ach baois.
9 I dteannta a bheith ina eagnaí é féin, roinn Cóheilit a chuid eolais ar an bpobal freisin agus é ag meá agus ag mionscrúdú agus ag cóiriú a lán seanfhocal. 10 D’fhéach Cóheilit le briathra taitneamhacha a fháil agus an fhírinne a chur síos le barr cruinnis. 11 Broid is ea briathra na saoithe agus is cosúil le tairní dea-dhaingnithe an díolaim seanráite a thug an t-aon aoire amháin uaidh.
12 Lena chois sin, a mhic, seachain thú féin! Níl aon teorainn leis na leabhair a scríobhtar agus tuirsíonn mórán staidéir an cholainn. 13 Mar choimriú scoir ar a bhfuil cloiste agat: bíodh eagla Dé ort agus coimeád a aitheanta, mar is é sin príomhdhualgas an duine. 14 Óir tabharfaidh Dia breithiúnas ar gach gníomh, agus gach gníomh folaithe san áireamh freisin, cibé olc maith é.