Seanfhocail
30 Briathra Ágúr mac Iácaé ó Mhasá. Oracal an fhir seo do Ítíéil, [d’Ítíéil agus d’Ucál]:
2 Táimse, ní foláir, ródhúr le bheith daonna
níl tuiscint duine agam.
3 Níor foghlaim mé eagna,
ná ní bhfuair mé aithne ar an Aon Naofa.
4 Cé a chuaigh suas ar neamh agus a thuirling arís?
Cé a cheap na gaoithe ina mháma?
Cé a ghabh na huiscí ina bhrat?
Cé a chuir bonn faoi chríocha na cruinne?
Céard is ainm dó féin agus céard is ainm dá mhac?
Ar ndóigh is eol duit!
5 Gach briathar a labhraíonn Dia, seasann sé trial na fírinne;
is sciath é do gach duine a théann ar a choimirce.
6 Ná cuir lena bhriathra,
ar eagla go lochtódh sé thú agus go dtaispeánfadh sé gur bréagadóir thú.
7 Dhá ní a iarraim ort,
ná ceil orm iad sula bhfaighe mé bás:
8 Coinnigh i bhfad uaim an t-éitheach agus an bhréag;
ná tabhair dom saibhreas ná daibhreas,
ach cothaigh mé leis an mbia is cuí dom,
9 Ar eagla go mbeinn sách agus go séanfainn thú,
agus go ndéarfainn: “An Tiarna? – cé hé féin?”
Nó go mbeinn bocht agus go ndéanfainn goid,
agus go maslóinn ainm mo Dhé.
10 Ná déan daor a ghearán lena mháistir,
le heagla go gcuirfeadh sé mallacht ort agus go mbeadh thiar ort dá bharr.
11 Tá pór ann a chuireann mallacht ar a n-athair,
agus nach gcuireann beannacht ar a máthair.
12 Agus pór atá glan, dar leo féin,
ach nár níodh fós as a mbrocamas.
13 Tá pór na súl uaibhreach ann,
le mór níos fiú i ngach tógáil súile.
14 Tá pór ann le claímhte mar fhiacla,
agus sceana mar ghialla acu,
Leis na boicht a alpadh agus a scrios de chlár na cruinne;
agus lucht na gannchúise a shlogadh agus a scuabadh ó chomhluadar daoine.
15 Tá beirt iníon ag an lia,
“Tabhair, tabhair,” a ghlaonn siad.
Tá trí nithe nach féidir a shasamh,
agus ceithre cinn nach ndeir riamh: “Is leor sin”:
16 Seól, an bhroinn aimrid,
an talamh nach féidir a sháitheadh le huisce,
agus an tine nach ndeir riamh: “Is leor sin.”
17 An tsúil a fhéachann le fonóid ar a athair,
agus le drochmheas ar [mháthair a bhíonn ag dul in aois],
piocfaidh fiacha an mhachaire amach í,
agus alpfaidh na badhbha í.
18 Tá trí nithe a théann díom a thuiscint,
agus ceithre cinn nach mbainim ciall astu:
19 Bealach iolair sa spéir,
bealach nathrach ar an gcarraig,
bealach loinge i lár na mara,
agus bealach fir le maighdean.
20 Seo é bealach an adhaltraigh mná:
itheann sí bia agus glanann a béal
agus deir: “Ní dhearna mé aon ní as an tslí.”
21 Baineann trí nithe crith as an talamh,
agus tá ceithre cinn nach féidir leis cur suas leo:
22 Daor nuair is rí,
daoi nuair is sáitheach,
23 Bean thréigthe, nuair a phósann,
agus daoirseach nuair a thógann [sí áit] a máistreása.
24 Tá ceithre nithe ar an talamh atá bídeach,
ach is acu atá togha na gaoise:
25 Na seangáin, treibh gan neart iad,
ach sa samhradh déanann siad deimhin dá soláthar:
26 Na coiníní carraige, treibh gan chosaint iad,
ach cuireann siad fúthu sna carraigeacha.
27 Na lócaistí, níl rí orthu,
ach máirseálann siad go léir faoi dhea-eagar.
28 An t-earc luachra, d’fhéadfá greim a fháil air i do láimh,
ach gnáthaíonn sé páláis ríthe.
29 Tá trí nithe ann le céim mhaorga,
agus ceithre cinn go deimhin le hiompar stáidiúil:
30 An leon, an gaiscíoch ar na hainmhithe,
nach dtugann cúl le haon ní;
31 An coileach ag starrfach i measc na gcearc,
an pocán, taoiseach an tréada,
agus an rí [ag aitheasc] a phobail.
32 Má bhí sé de bhaois ionat dul le mire,
agus go bhfuil aiféala anois ort,
buail bos ar do bhéal;
33 Óir déantar cuigeann le maistriú,
tagann fuil as an tsrón nuair a bhrúitear í,
agus tagann aighneas as an bhfearg nuair a adhntar í.