Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Míocá 4
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
An Bíobla Naofa
Míocá 4:1-13

Míocá

4 Titfidh sé amach san am atá le teacht

go mbeidh an sliabh a bhfuil teach an Tiarna air

os cionn na sléibhte

agus go dtógfar níos airde ná na cnoíc é.

Tiocfaidh na ciníocha ina sruth go dtí é.

2 Is iomaí pobal a rachaidh ann agus a déarfaidh:

“Seo linn, téimis suas go sliabh an Tiarna,

go teach Dhia Iacóib,

chun go múine sé dúinn a shlite

agus go siúlaimis a bhealaí.

Óir ó Shíón rachaidh an dlí amach,

agus ó Iarúsailéim briathar an Tiarna.”

3 Beidh smacht aige ar na ciníocha

agus déanfaidh sé réiteach idir an iomad pobal atá i bhfad i gcéin,

agus buailfidh siad a gclaimhte amach ina socanna céachta

agus a sleánna ina gcorráin.

Ní thógfaidh na ciníocha an claíomh in aghaidh a chéile a thuilleadh,

ná ní chleachtfaidh siad cogadh níos mó.

4 Beidh an uile dhuine ina shuí faoina fhíniúin

agus faoina chrann fígí agus ní chuirfidh aon fhear eagla orthu.

Is é béal Tiarna na Slua a dúirt é.

5 Óir gluaiseann gach uile cheann de na ciníocha ar aghaidh

in ainm a dhé féin

ach siúlfaimidne in ainm an Tiarna, ár nDia, go brách is choíche.

6 An lá sin—a deir an Tiarna,

cruinneoidh mé na caoirigh bhacacha;

baileoidh mé na cinn a ruaigeadh chun fáin

agus na cinn ar thug mé drochíde dóibh.

7 Beidh na bacaigh sin ina bhfuílleach agam

agus déanfaidh mé náisiún láidir

den mhuintir atá tuirseach traochta.

Beidh an Tiarna féin ina rí orthu ar Shliabh Shíón

as seo amach agus go deo.

8 Agus tusa, a thúir an tréada,

a chnocáin iníon Shíón,

tiocfaidh chugat ar ais

an tiarnas a bhí agat tráth

agus ríúlacht iníon Iarúsailéim.

9 Cén fáth a nglaonn tú amach chomh hard sin anois?

Nach bhfuil aon rí agat?

An amhlaidh a cailleadh do chomhairleoir

sa chaoi gur ghabh arraingeacha thú

mar bhean ina leaba luí seoil?

10 Bí ag lúbarnaíl agus ag cneadach, a iníon Shíón,

mar bhean ina leaba luí seoil.

Óir beidh ort imeacht as an gcathair anois

agus cur fút faoin tuath.

Rachaidh tú go dtí an Bhablóin

ach slánófar ann thú.

Mar is ann a fhuasclóidh an Tiarna thú

ó lámha do naimhde.

11 Tá a lán náisiún

ag cruinniú le chéile i d’aghaidh anois.

Deir siad: “Go dtruaillítear í

ionas go bhfeicfidh ár súile féin bascadh Shíón.

12 Ach ní eol dóibh smaointe an Tiarna

agus ní mó ná sin a thuigeann siad a rún;

mar tá sé tar éis iad a bhailiú le chéile

mar phunanna ar urlár buailte.

13 Éirigh, a iníon Shíón,

agus déan an bualadh.

Tabharfaidh mé adharca iarainn

agus crúba cré-umha duit

chun go mbascfaidh tú mórán ciníocha

agus go gcoisricfidh tú a gcreach don Tiarna

agus a saibhreas do Thiarna an domhain go léir.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn