Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Seanfhocail 16
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
  • 13
  • 14
  • 15
  • 16
  • 17
  • 18
  • 19
  • 20
  • 21
  • 22
  • 23
  • 24
  • 25
  • 26
  • 27
  • 28
  • 29
  • 30
  • 31
  • 32
  • 33
An Bíobla Naofa
Seanfhocail 16:1-33

Seanfhocail

16 Déanann croí an duine an beartú;

ach sé an Tiarna a thugann an freagra.

2 Bíonn iompar an duine gan cháim dar leis féin,

ach is é an Tiarna a thomhaiseann an intinn.

3 Fág do shaothar go léir faoin Tiarna,

agus cuirfear do phleananna go léir i gcrích.

4 Rinne an Tiarna gach ní le haghaidh cuspóra ar leith,

agus an t-urchóideach le haghaidh lá na tubaiste.

5 Is fuath leis an Tiarna an croí uaibhreach,

bí deimhin de nach rachaidh sé gan phionós.

6 Déantar leorghníomh sa pheaca trí dhílseacht agus seasmhacht;

seachnaíonn fear an t-olc le heagla an Tiarna.

7 Nuair a thugann bealaí duine taitneamh don Tiarna,

déanann sé cairde fiú dá eascairde.

8 Is fearr an beagán agus an chóir

ná an mórán agus an éagóir.

9 Beartaíonn duine a chúrsa ina chroí

ach sé an Tiarna a threoraíonn a chéimeanna.

10 Tagann oracail ó bhéal an rí,

ní dhéanann sé dearmad nuair a fhógraíonn a bhreith.

11 Is leis an Tiarna an mheá agus na scálaí cothroma;

is é a rinne na meáchana uile sa mhála.

12 Is gráin le ríthe an t-olc a dhéanamh,

mar is í an fhíréantacht is bonn faoin ríchathaoir.

13 Bíonn fáilte ag an rí roimh bheola fíréanta;

bíonn grá aige don té a labhraíonn go cóir.

14 Teachtaire báis fearg rí,

ach déanfaidh an t-eagnaí í a cheansú.

15 Bíonn an bheatha i ngile ghnúis an rí,

agus is geall le scamaill bháistí an earraigh a ghnaoi.

16 Is fearr an eagna a aimsiú ná an t-ór;

tóg tuiscint mar rogha thar an airgead.

17 Casann ród an fhíréin i leataobh ón olc;

an té a fhaireann cá bhfuil a thriall caomhnaíonn sé a bheo.

18 Gabhann uabhar roimh thubaiste;

agus éirí in airde roimh threascairt.

19 Is fearr a bheith umhal ó chroí i measc na n-íseal

ná an chreach a roinnt leis na huaibhrigh.

20 Beidh an rath ar an té a thugann aird ar an mbriathar;

is méanar don té a mbíonn a mhuinín aige as an Tiarna.

21 Tugtar fear na críonnachta ar an té atá eagnaí croí;

cuireann milse briathar le meallacacht ráite.

22 Is foinse beatha an ghaois don té a bhfuil sí ina sheilbh

ach is í an bhaois crá na n-amadán.

23 Múineann croí an eagnaí gliceas dá bhéal,

agus cuireann sé le meallacacht a bhriathar.

24 Is cuma nó cior mheala briathra séimhe;

is milis iad le blaiseadh agus is sláintiúil iad don chorp.

25 Tá cosán ann a shamhlaíonn ceart do dhuine,

ach níl de chríoch leis ach an bás.

26 Bíonn goile an tsaothraí ag saothar dó,

agus a chraos ocrach á ghriogadh.

27 Beartaíonn an t-alfraits olc,

agus is cuma nó tine loiscneach briathra a bhéil.

28 Síolann an cealgaire aighneas,

agus deighleann an béadánaí dlúthchairde óna chéile.

29 Cuireann an foréigneach a chomharsa ar seachrán,

agus meallann é ar bhóthar nach fónta.

30 Tá urchóid á taibhreamh d’fhear sméidte na súl,

agus tá an t-olc déanta ag an té a chuireann grabhas air féin.

31 Coróin ghlóire é an ceann liath

agus beatha fhíréanta a thuilleann í.

32 Is fearr an duine stuama ná an gaiscíoch tréan;

agus an té atá ina mháistir air féin ná an té a dhéanann cathair a ghabháil.

33 Ar an ucht a chaitear na cranna,

ach ón Tiarna a thagann an réiteach.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn