Watchtower LEABHARLANN AR LÍNE
Watchtower
LEABHARLANN AR LÍNE
Gaeilge
á
  • Á
  • á
  • É
  • é
  • Í
  • í
  • Ó
  • ó
  • Ú
  • ú
  • BÍOBLA
  • FOILSEACHÁIN
  • CRUINNITHE
  • Salm 2
  • An Bíobla Naofa

Níl aon fhíseán ann lena aghaidh seo

Ár leithscéal, bhí fadhb le lódáil an fhíseáin.

  • An Bíobla Naofa
  • 1
  • 2
  • 3
  • 4
  • 5
  • 6
  • 7
  • 8
  • 9
  • 10
  • 11
  • 12
An Bíobla Naofa
Salm 2:1-12

Sailm

Réimeas Chríost Rí

2 Cad fáth a bhfuil na ciníocha á suaitheadh

agus na náisiúin ag beartú gan éifeacht?

2 Éiríonn ríthe na cruinne,

agus déanann na flatha comhcheilg le chéile

in éadan an Tiarna agus a ungthaigh:ew

3 “Réabaimis ó chéile a gcuibhreacha

agus caithimis uainn a ngeimhle!”

4 An té atá ar neamh, déanann sé gáire:

déanann an Tiarna díol magaidh díobh.

5 Labhraíonn sé ansin leo go feargach;

cuireann scéin agus sceimhle orthu le corp cuthaigh:

6 “Chuir mise mo rí féin i réimeas

ar Shíón, ar mo shliabh naofa.”

7 Foilseoidh mé reacht an Tiarna.

“Is tú mo mhac,” a dúirt an Tiarna liom,

“inniu is ea a ghin mé thú.

8 Iarr orm agus tiomnóidh mé na ciníocha duit

agus críocha na cruinne mar oidhreacht duit.

9 Déanfaidh tú iad a bhriseadh le slat iarainn;

brisfidh tú ina mbloghanna iad amhail soitheach cré.”

10 Bígí críonna, dá bhrí sin, a ríthe;

aire chugaibh! a rialtóirí na cruinne.

11 [2:11a] Déanaigí fónamh don Tiarna le heagla

agus tugaigí ómós dó go creathnach,

12 [2:11b] sula gcuirfí fearg air, is go dtéadh sibh ar ceal

nuair a bhladhmfaidh a fhearg go tobann.

Is aoibhinn dá gcuireann a ndóchas ann.

Foilseacháin Ghaeilge (1982-2025)
Logáil Amach
Logáil Isteach
  • Gaeilge
  • Roinn
  • Roghanna
  • Copyright © 2025 Watch Tower Bible and Tract Society of Pennsylvania
  • Téarmaí Úsáide
  • Polasaí Príobháideachta
  • Privacy Settings
  • JW.ORG
  • Logáil Isteach
Roinn