Sailm
Réimeas Chríost Rí
2 Cad fáth a bhfuil na ciníocha á suaitheadh
agus na náisiúin ag beartú gan éifeacht?
2 Éiríonn ríthe na cruinne,
agus déanann na flatha comhcheilg le chéile
in éadan an Tiarna agus a ungthaigh:ew
3 “Réabaimis ó chéile a gcuibhreacha
agus caithimis uainn a ngeimhle!”
4 An té atá ar neamh, déanann sé gáire:
déanann an Tiarna díol magaidh díobh.
5 Labhraíonn sé ansin leo go feargach;
cuireann scéin agus sceimhle orthu le corp cuthaigh:
6 “Chuir mise mo rí féin i réimeas
ar Shíón, ar mo shliabh naofa.”
7 Foilseoidh mé reacht an Tiarna.
“Is tú mo mhac,” a dúirt an Tiarna liom,
“inniu is ea a ghin mé thú.
8 Iarr orm agus tiomnóidh mé na ciníocha duit
agus críocha na cruinne mar oidhreacht duit.
9 Déanfaidh tú iad a bhriseadh le slat iarainn;
brisfidh tú ina mbloghanna iad amhail soitheach cré.”
10 Bígí críonna, dá bhrí sin, a ríthe;
aire chugaibh! a rialtóirí na cruinne.
11 [2:11a] Déanaigí fónamh don Tiarna le heagla
agus tugaigí ómós dó go creathnach,
12 [2:11b] sula gcuirfí fearg air, is go dtéadh sibh ar ceal
nuair a bhladhmfaidh a fhearg go tobann.
Is aoibhinn dá gcuireann a ndóchas ann.